Ba Inceach é Pachacuti, nó "An Talamhchroitheadóir". Níor thosaigh Impireacht na nInceach ag leathadh ach le linn Pachacuti. Bhí sé ar an naoú Sapa Inca a rialaigh ríocht Cuzco, agus tháinig sé i dtreis sa bhliain 1438.

Infotaula de personaPachacuti

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1391
Cusco Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1471
79/80 bliana d'aois
Cusco Cuir in eagar ar Wikidata
9 Sapa Inca (en) Aistrigh
1438 – 1471
← Wiracocha IncaTúpac Inca Yupanqui → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAmaru Inca Yupanqui, Túpac Inca Yupanqui Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWiracocha Inca
SiblínCápac Yupanqui

Saighdiúir den chéad scoth a bhí ann, de réir scéalaíocht na nInceach, agus tháinig a éirim chun solais ina fhear óg dó. Deirtear go raibh na Chankas ag ionsaí Cuzco, agus idir athair agus dheartháir Pachacuti ag teitheadh lena n-anam. (Ba iad na Chankas an treibh is mó a bhí ag déanamh scime do na hIncigh ag an am, agus cónaí orthu i réigiún Apurimac.) Ba é Pachacuti a spreag arm na nInceach chun a ndúiche féin a chosaint, agus faoi dheireadh fuair siad an ceann is fearr ar an namhaid. Chuaigh Pachacuti i dtáin na laochra, agus deireadh na scéalaithe ina dhiaidh sin gur éirigh na clocha féin amach le troid a chur ar na Chankas.

Le cuidiú a mhic, Tupac Yupanqui, d'éirigh le Pachacuti impireacht a dhéanamh den chathairstát. Sa bhliain 1471, nuair a fuair sé bás, bhí Peiriú agus an Bholaiv (de réir theorainneacha an lae inniu) sealbhaithe aige do na hIncigh, chomh maith le cuid den tSile, d'Eacuadór, agus de thuaisceart na hAirgintíne.

Bhí ciall aige do chúrsaí riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó apo os cionn gach cúige, agus miontaoisigh, t'oqrikoq os cionn na gceantar agus iad dílis don apo. Mar sin féin, d'fhéach sé chuige nach mbeadh smacht ag an apo ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh chun na hImpireachta bhí timpeall 15 t'oqrikoq faoi gach apo, ach is dócha nach raibh an oiread sin acu ann agus Pachakuti á gcur ar bun.

Creidtear freisin gurbh é Pachacuti a bhunaigh na mitimaes, agus iad cosúil le plandálacha Gallda in Éirinn - coilínithe a chuirtí ina gcónaí i gceantair fhorghafa le go bhfoghlaimeodh muintir na háite teanga agus nósanna na nInceach.

D'ainneoin a raibh d'eolas ag Pachacuti ar chúrsaí riaracháin, ní dhearna sé rialacha a bheartú le comharbas an Sapa Inca a shocrú. Is mór a bhí an Impireacht thíos leis, nó mura mbeadh clann mhac an Sapa Inca umhal do cheann aitheanta, ba bhaolach go mbeadh sé ina chogadh eatarthu leis an scéal a réiteach.

Cailleadh Pachacuti sa bhliain 1471. Ba é a mhac, an ginearál éirimiúil Tupac Inca Yupanqui, a fuair céim Sapa Inca ina dhiaidh.