Glaoitear paicéad (nó amanna fráma) ar phíosa sonraí a sheoltar thar líonra ríomhairí. Níl sé éifeachtach seicheamh fada giotáin a aistriú in aon aistear thar líonra. D'fhéadfadh trasnaíocht nó fabht cuir isteach ar an aistriú agus bheadh gá an seicheamh a athsheoladh. Leis seo a sheachaint, déantar na sonraí a bhriseadh suas ina bpíosaí beaga ar a dtugtar paicéid.

Bosca Sonraí AonadPaicéad
Cineálunit of information (en) Aistrigh agus Protocol data unit (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Inneachair na bPaicéad cuir in eagar

Bíonn paicéid cúpla cileabheart ar fhad go hiondúil – braitheann sé seo ar an gcineál líonra agus an cineál prótacal atá in úsáid. Déantar na paicéid a sheoladh ceann i ndiaidh a chéile thar an líonra. Go hiondúil, bíonn paicéad comhdhéanta de trí chuid: an ceanntásc, na sonraí agus an buntásc. Coinnítear eolas riaracháin sa cheanntásc agus sa bhuntásc ar nós:

  • Uimhir sheichimh an phaicéid
  • Seoladh an fhaighteora
  • Seoladh an tseoltóra
  • Suim sheiceála (Bearta breise a ghintear go matamaiticiúil ó na sonraí. Is féidir í a úsáid le earráidí a bhrath.

Dearbhú cuir in eagar

Seoltar paicéad speisialta - admháil (ACK/acknowledge) ar ais chuig an seoltóir le haghaidh na bpaicéad a thagann slán. Seoltar paicéad speisialta - admháil dhiúltach (NAK /not acknowledge) le haghaidh na bpaicéad nach dtagann slán nó nach tagann in aon chor. Caithfear na paicéid nach dtagann slán a athsheoladh. Cuirtear é seo i bhfeidhm i mbealaí éagsúla ag brath ar an líonra atá in úsáid, ach i bprionsabal oibríonn gach líonra sa tslí seo.

Cosúlachtaí le Cártaí Poist cuir in eagar

Cuirtear béim go minic ar na cosúlachtaí idir paicéid agus cártaí poist:

  • Cuirtear seoladh cinn scríbe orthu
  • Cuirtear seoladh an seoltóra orthu
  • Ní féidir ach méid áirithe eolais a chur orthu
  • Amanna cailltear iad agus iad á sheachadadh
  • Ní leanann siad an conair chéanna agus iad ar an mbealach