570-230 milliún bliain ó shin. Thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn. Roinntear an ré seo ina tréimhsí mar seo: an tréimhse Chaimbriach (570-500 milliún bliain ó shin) inar thosaigh ainmhithe mara gan chnámh droma; an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin) inar thosaigh na chéad éisc, fungais is feamainn; an tréimhse Shiliúrach (435-400 milliún bliain ó shin) inar tharla na chéad phlandaí ar thalamh thirim; an tréimhse Dheavónach (400-345 milliún bliain ó shin) inar mhéadaigh na héisc is ar thosaigh na feithidí is na hainmhithe tire; an tréimhse Charbónmhar (345-280 milliún bliain ó shin) inar thosaigh na reiptílí is na débheathaigh; an tréimhse Pheirmeach (280-230 milliun bliain ó shin) inar díothaíodh an-chuid de na hainmhithe gan chnámh droma is ar thosaigh na foraoisí cónaiféaracha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pailéasóch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.