Is éard is pangram ann ná tacar focal i bhfoirm abairte a thaispeánann sampla clófhoirne trí na litreacha ar fad a úsáid in achar gearr.

Pangraim Ghaeilge cuir in eagar

  • Ógánaigh mar Éava agus Úna as Port Árann a d’fhuadaigh báid na nÍoslannach fadó. Seo an ceann atá in úsáid ar bogearraí Windows ar nós Word.
  • Ċuaiġ bé ṁórṡáċ le dlúṫspád fíorḟinn trí hata mo ḋea-ṗorcáin ḃig (Chuaigh bé mhórshách le dlúthspád fíorfhinn trí hata mo dhea-phorcáin bhig.)

Cuimsíonn sé seo gach guta fada agus gach guta gan síneadh fada, chomh maith le gach consan a bheith séimhithe agus neamhshéimhithe ann. Tá a leithéid úsáideach chun an Cló Gaelach a léiriú.

  • D’fhuascail Íosa Úrmhac na hÓighe Beannaithe pór Éabha agus Ádhaimh.
  • Bí i do phunc ó learg, más fút é. [1] (Is pangram foirfe an ceann seo, gach litir san aibítir uair amháin san abairt.)
  • Lorg fód, péacú ⁊ míbhuntáiste. [2] (Beagnach ina pangram foirfe; tá dhá “t” ann.)
  • D'ith cat mór dubh na héisc lofa go pras Tá 31 litir ann agus folaíonn sé gach ceann de na 18 litir atá le fáil i bhfocail dhúchasacha na Gaeilge, ach ní chuimsíonn sé na gutaí fada, á, í, nó ú, ná an 'e' gan síneadh fada. Úsáideann Gaelchló an ceann seo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Kevin Scannell ar Twitter" (Gaeilge). Twitter. Dáta rochtana: 2017-10-21.
  2. J. Ní Ógáin; 29, Oct, 2021