Panti

banríon draig agus gníomhaí Éireannach

Is banríon draig agus gníomhaí ar son cearta na ndaoine aerach é Rory O'Neill, (a rugadh i 1968), ar a dtugtar freisin mar ainm stáitse PantiPanti Bliss nó Pandora Panti Bliss.[1] Is as Baile an Róba, Contae Mhaigh Eo, Éire é.[2][3][4]

Infotaula de personaPanti

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Samhain 1968
55 bliana d'aois
Baile an Róba, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbanríon draig, gníomhaí ar son cearta daoine LADT Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpantibar.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3630649 Facebook: panti Twitter: PantiBliss Instagram: pantibliss Last fm: Panti+Bliss Musicbrainz: c186260d-6cf0-413f-ae26-230ecb529eb7 Discogs: 3728887 Cuir in eagar ar Wikidata

Laethanta a hÓige cuir in eagar

Tógadh O'Neill, mac  tréidlia, i mBaile an Róba, Contae Mhaigh Eo, agus d'fhreastail sé ar Choláiste Ealaíne i nDún Laoghaire.[5] Cé gur tógadh é mar Chaitliceach, is aindiachaí é O'Neill.[6] Labhair O ' Neill le hAoibhinn Ní Shúilleabháin faoina diagnóis VEID-deimhneach i 1995 ar shraith RTÉ Raidió 1 darb ainm Aoibhinn and Company.[7]

Gairm cuir in eagar

Áirítear Panti mar an banríon draig is ceannasaí in Éirinn.[5][8] Ó 1996 go dtí 2012, bhí Panti ina óstach don glór-réime bhliantúil Alternative Miss Ireland.[9]

Bíonn Panti go rialta ina óstach don bhféile Dublin Pride, a bhíonn ar siúl i mí an Mheithimh gach bliain.[10]

Bhí Panti ina óstach ar feadh roinnt blianta ag seó kareoke seachtainiúil, The Casting Couch, ag The Front Lounge i mBaile Átha Cliath. Bíonn Panti faoi láthair ó am go ham ag seó biongó seachtainiúil Shirley Temple Bar sa bhéar aerach, The George.

 
Pantibar ar Shráid Chéipil

Ar an 30 Samhain 2007, D'oscail sé an beár féin-ainmnithe 'Pantibar' i mBaile Átha Cliath.[4]

Is leasainm é 'Panti' do 'Pandora Panti Aoibhneas'.[5] Bhí Panti ag rince ar stáitse san tSeapáin le Cyndi Lauper le linn a turas Twelve Deadly Cyns.[5] Is é O'Neill agus a alter ego Panti mar ábhar cláir faisnéise faoi shaol a hóige, eachtraí atá ceangailte le tuairimí a roinn O'Neill maidir le homafóibe, agus an ról a bhí ag Panti le linn feachtas ráthúil na hÉireann ar son comhionannas pósta. Scannánaíodh é ar feadh roinnt blianta agus ba é Conor Horgan an stiúrthóir.[11] Taispeánadh é den chéad uair ar 21 Deireadh Fómhair 2015, agus scaoileadh é ar fud na hÉireann ar 23 Deireadh Fómhair 2015[12]

Tuairimí faoi homafóibe ar RTÉ (a.k.a. "Pantigate") cuir in eagar

Ar 11 Eanáir 2014, ba aoi é O'Neill ar sheó RTÉ The Saturday Night Show le Brendan O'Connor, áit inar phléigh siad homafóibe agus líomhain O'Neill go raibh roinnt daoine a bhí páirteach in iriseoireacht na hÉireann ag an am homafóbach. Cuirtear "Pantigate" ar an ócáid seo.[13][14]

Bhagair iad siúd a bhí luaite RTÉ agus O'Neill le caingean dlí.[8] Bhain RTÉ an chuid sin den agallaimh as a gcartlann ina dhiaidh sin.[15] Ar 25 Eanáir le linn eipeasóid the Saturday Night Show, thug O'Connor leithscéal poiblí ar son RTÉ dóibh siúd a bhí luaite ag O'Neill san agallamh roimhe sin.[16] Thug RTÉ €85,000 dóibh siúd a bhí ainmnithe ag O'Neill.[17]

Bhí na eisíocaíochtaí sin á phlé ag comhaltaí an Oireachtais.[18][19] Pléadh an eachtra sin i bParlaimint na Heorpa chomh maith,[20] agus dúirt an FEP Éireannach, Paul Murphy, go raibh an eisíocaíochtaí "a real attack on the freedom of speech" agus “when John Waters says that gay marriage is ‘a kind of satire’, that is homophobia. When Breda O’Brien says ‘equality must take second place to the common good’, that is homophobia. When the Iona Institute campaign against gay marriage because it is gay marriage, that is homophobia."[2][21][22][23] Rinne ceann teilifíse RTÉ cosain ar na íocaíochta €85,000, ag rá gur shábháil RTÉ "an absolute multiple" san fhadtéarma.[24]

Ar 1 Feabhra 2014, thug O'Neill (mar Panti) óráid Noble Call ag Amharclann na Mainistreach mar fhreagra na himeachtaí a bhaineann leis an gconspóid le RTÉ,[25][26] agus fuair an físeán níos mó ná 200,000 amhairc indiaidh dhá lá.[27] Ag deireadh mí na Bealtaine 2017 bhí níos mó ná 880,000 amhairc faighte ag an bhfíseán.[28]  Rinne Fintan O'Toole cur síos air mar an óráid Éireannaigh is dea-chumtha i mbeagnach 200 bliain[29] agus fuair sé tacaíocht ó Dan Savage[29][30] RuPaul[31], Graham Norton, Stephen Fry, Madonna, agus daoine eile.[32] Díoladh t-léinte leis an mana "I'm on Team Panti" chun airgead a thiomsú ar son seirbhísí óige BeLonG To,[33] agus bhailigh siad níos mó ná €10,000.[31] I Márta 2014, Scaoil an banna popcheoil Pet Shop Boys an óráid lena gcuid ceoil mar fuaimrian taca, mar "Oppressive (The Best Gay Possible)." I ndiaidh sin, scaoil siad leagan níos moille an riain, le físeán tionlacain ina raibh "montage of homophobia-related clips."[34]

Amharclannaíocht cuir in eagar

  • 2005 Spurt! Sister! Spurt! mar Madame
  • 2007 In These Shoes?, Sríofa ag agus léirithe ag Panti, ag Dublin Gay Theatre Festival[35]
  • 2007 All Dolled Up, Sríofa ag agus léirithe ag Panti[36]
  • 2009 A Woman In Progress, Sríofa ag agus léirithe ag Panti[37]
  • 2014 High Heels in Low Places, Sríofa ag agus léirithe ag Panti[38]

Meáin cuir in eagar

Film cuir in eagar

  • 2015 The Queen of Ireland

Teilifís cuir in eagar

  • 1990 Nighthawks mar "Seán The Transvestite Farmer"
  • 1998 The Maury Povich Show, mar Panti (eipeasóid amháin: "Turn My Daughter Back Into My Son")
  • 2008 The Clinic mar Dusty Mulberry (eipeasóid amháin)
  • 2008 Raw mar Panti (eipeasóid amháin)
  • 2014 The Mario Rosenstock Christmas Special mar Panti
  • 2014 The Saturday Night Show

Raidió cuir in eagar

  • 2011 Ireland's Karaoke Klassics, 2FM, Comhláithreoir mar Panti le Arveene
  • 2014 Sunday Breakfast With Dee Reddy, Phantom FM mar aoi rannpháirtí 
  • 2016 Pantisocracy agallamh ceithre cuid RTÉ Radio 1 le Panti mar óstach

Ceol cuir in eagar

  • 2014 "Oppression" ag Out!rage le Panti Bliss scaoileadh ar son BeLonG To
  • 2014 Déanann "The Best Gay Possible - Oppressive Dance Mix" ag Pet Shop Boys aonchorp le hóráid Panti in Amharclann na Mainistreach

Leabhair cuir in eagar

  • Woman in the Making: A memoir, Rory O'Neill, 2014, Hachette Books Ireland.

Gradaim cuir in eagar

  • Buaiteoir 'Business Person of the Year' – Gay and Lesbian Awards 2009
  • Buaiteoir 'Best Blog Post' – Irish Blog Awards 2010
  • Gradam Speisialta an Eagarthóra Attitude -Attitude Magazine Awards 2014
  • Gradaim Cion Socaíocht na hÉireann - People of the Year Awards 2014
  • Gradaim James Joyce a bhronnadh ag Cumann Liteartha agus Staire an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Céim Oinigh - bronnadh céim oinigh ar O'Neill ó gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath le haghaidh an obair a rinne sé ar son cearta LADT agus comhionannas pósta

Tagairtí cuir in eagar

  1. The High Queen of Ireland: Rory O'Neill aka Panti Bliss. Faighte ar 31 Bealtaine 2018
  2. 2.0 2.1 Comic Norton shows support for Panti in RTE payout row. The Irish Independent. Cuireadh i gcartlann é ar 4 Feabhra 2014.
  3. "Welcome to the Gaybourhood". The Dubliner. 19 Samhain 2007.
  4. 4.0 4.1 Barry Egan (6 Meán Fómhair 2009). "Glamour queen is not amused". Irish Independent.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Una Mullally (15 July 2013). "Panti Unstitched Curtha i gcartlann 2018-07-26 ar an Wayback Machine". The Irish Times. Rinne rochtain air 26 Eanáir 2014.
  6. "Watch The Meaning of Life with Gay Byrne on RTÉ Player".
  7. Aoibhinn and Company Dé Céadaoin 8 Eanáir 2014 - Aoibhinn and Company - RTÉ Radio 1". Aoibhinn and Company.
  8. 8.0 8.1 Cahir O'Doherty (19 Eanáir 2014). "Columnist John Waters in a Panti twist over anti-gay claims". Rinne rochtain air 1 Feabhra 2014.
  9. "'Gay Christmas' is cancelled. So long, Alternative Miss Ireland". The Irish Times. 15 Deireadh Fómhair 2011.
  10. "Dublin Pride: Ireland's Biggest LGBTQ Pride Parade". Dublin LGBTQ Pride:. Rinneadh rochtain air 2016-12-01.
  11. The Queen of Ireland - Irish Film Board Curtha i gcartlann 2017-12-18 ar an Wayback Machine. Irish Film Board. Rinneadh rochtain air 1 Meitheamh 2018.
  12. "Queen of Ireland premiere goes nationwide". 2 Deireadh Fómhair 2015.
  13. Horan, Niahm (23 Feabhra 2014). "'Pantigate' row rumbles on as journalist takes extended leave". Irish Independent.
  14. Chrissy Curtin (1 Nollaig 2014). "Pantigate: An Illustrated Timeline".
  15. Brian Byrne (16 January 2014). "RTE cuts part of show after legal complaint from Waters". Irish Independent. Rinne rochtain air 1 Feabhra 2014.
  16. "RTÉ apologises for 'distress' caused by Saturday Night Show guest's comments". TheJournal.ie. 26 Eanáir 2014.
  17. "RTÉ paid out €85,000 in 'homophobe' row". Irish Independent. 2 Feabhra 2014.
  18. Murphy, Catherine (20 Eanáir 2014). "Column: Panti Bliss controversy raises major questions about RTE's role in public discourse". TheJournal.ie.
  19. Clare Daly (20 Eanáir 2014). "RTE's Censorship and Double Standards Condones Prejudice Curtha i gcartlann 2016-11-01 ar an Wayback Machine".
  20. "Sitting of 2014-02-03". Parlaimint na hEorpa.
  21. Suzanne Lynch (5 Feabhra 2014). "MEPs call on EU to implement road map to combat homophobia - Social Affairs & News from Ireland & Abroad". The Irish Times. Rinne rochtain air 6 Feabhra 2014.
  22. "David Norris and Paul Murphy raise homophobia in Irish and EU parliaments". TheJournal.ie. 4 Feabhra 2014.
  23. Brydum, Sunnivie (5 Feabhra 2014). "WATCH: Irish Lawmakers Call Out 'Rampant Homophobia'". The Advocate.
  24. "Taoiseach dismisses call to make RTÉ answerable to the Dáil". The Irish Times. 5 Feabhra 2014.
  25. Ramsey, Nick (2 Feabhra 2014). "Irish drag queen gives impassioned speech on gay rights". MSNBC. Rinneadh rochtain air 30 Samhain 2016.
  26. Nichols, James (3 Feabhra 2014). "Panti Bliss, Irish Drag Queen, Gives Impassioned Speech About Homophobia". Huffington Post. Rinneadh rochtain air 30 Samhain 2016.
  27. Buckley, Dan (Feabhra 6, 2014). "Maybe we are not as tolerant as we think". Irish Examiner. Rinneadh rochtain air 6 Feabhra 2014.
  28. "Panti's Noble Call at the Abbey Theatre - WITH SUBTITLES". 2 Febahra 2014. Rinne rochtain air 31 Bealtaine 2018.
  29. 29.0 29.1 Peter McGuire (11 Feabhra 2014). "What Makes a Homophobe? Ireland's Debate Goes Global". Huffington Post. Rinneadh rochtain air 9 Márta 2014.
  30. Savage, Dan. "Stupid Irish Homophobes and Their Big Homophobic Fail". The Stranger. Rinneadh rochtain air 9 Márta 2014.
  31. 31.0 31.1 Clare Cullen (17 Feabhra 2014). "'Team Panti' tshirts sales raise €10,000 for LGBT youth services - Independent.ie". Irish Independent. Rinne rochtain air 9 Márta 2014.
  32. Fegan, Joyce (Feabhra 10, 2014). "Panti, Madge is on your side". Irish Independent. Rinneadh rochtain air 9 Márta 2014.
  33. Brian O'Reilly (12 Feabhra 2014). "'Team Panti' supporters infiltrate Prime Time audience". Irish Independent. Rinneadh rochtain air 9 Márta 2014.
  34. "Pet Shop Boys Release 'Slow Mix' and Video of Panti Bliss Dance Track Curtha i gcartlann 2018-12-21 ar an Wayback Machine". Towleroad. 14 Márta 2014.
  35. "Dublin Gay Theatre Festival 2006 - May 7th to 20th 2007". Dublin Gay Theatre Festival. Rinneadh rochtain air 30 Samhain 2016.
  36. "Irish Theatre Magazine" Retrieved 17 October 2007 Curtha i gcartlann 2007-10-31 ar an Wayback Machine
  37. 'A Woman in Progress' in Fintan Walsh, ed., Queer Notions: New Plays and Performances from Ireland (Cork: Cork University Press, 2009).
  38. "Panti - High Heels In Low Places". Cuireadh i gcartlann é ar 1 Samhain 2014.