Iarmhairt mhaighnéadach atá i láthair i gcuid mhaith ábhar (mar shampla, alúmanam is oscaigin ag teocht an tseomra) ina n-ailíníonn móimintí maighnéadacha na n-adamh aonarach chun tacú le réimse mhaighnéadach atá i bhfeidhm orthu, agus an t-ábhar féin aomtha ag foinse na réimse feidhmithí. Airí sainiúil de is ea go mbíonn so-ghabháltacht dhearfach mhaighnéadach ag an ábhar. Baintear feidhm as seo i bhfuarú maighnéadach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Paramaighnéadas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 507.