Ábhar datha i bhfoirm púdair, measctha le beagán guma nó roisín, foirmithe ina shlat, cosúil le crián. Oibríonn an t-ealaíontóir díreach ar an bpáipéar (is féidir go mbeidh bándath air seo) gan aon mheán eile a úsáid. Bhí péintéireacht pastail an-choitianta san 18ú céad, sa bhFrainc go háirithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pastal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 509.