Patrick MacGill

scríbhneoir Éireannach

Ba fhile agus úrscéalaí Éireannach é Patrick MacGill (24 Nollaig 1889Samhain 1963), agus aithne air mar "The Navvy Poet", toisc go raibh sé ag obair mar spailpín roimh dul i mbun na scríobhneoireachta dó.

Infotaula de personaPatrick MacGill

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Nollaig 1889
Na Gleannta, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
BásSamhain 1963
73 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, prós, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta agus iriseoireacht
Gairmiriseoir, file, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda

IBDB: 8018
Musicbrainz: 0cb4d4b7-85ee-48d2-9c48-9e804f76e50d Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Patrick, an duine ba shine de theaghlach aon duine dhéag feirmeora bhig, ar na Gleannta i dTír Chonaill.

Níor chaith sé féin ach trí bliana ar scoil. Chuaigh sé "chun a' Lagáin" is é dhá bhliain déag d'aois áit ar fhostaigh feirmeoir as Tír Eoghain é. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé go hAlbain mar oibrí prátaí - "olc go leor d'fhir ach marfach do mhná" mar a scríobh sé. Nuair a bhí se ag sclábhaíocht, bhí se ag léamh agus ag scríobh.

Sa bhliain 1910, foilsíodh "Gleanings from a Navvy's Scrapbook", leabhar ina raibh chan amháin amhráin agus filíocht ach aistriúcháin ar shaothar La Fontaine agus Goethe.

B'éigin dó féin na costais foilseacháin a dhíol, ar nós mangaire, ó dhíol go doras i mbaile Grianaig (Greenock sa Bhéarla) ar thaobh Abhainn Chluaidh mar sin féin, ba sin an saothar a tharraing clú air mar an 'Navvy Poet'.

Naisc sheachtracha cuir in eagar