Is amhrán traidisiúnta cáiliúil Éireannach é Peigín Leitir Móir.

Infotaula de cançóPeigín Leitir Móir
Cineálsaothar ceoil
TaibheoirThe Dubliners, Na Casaidigh, Seán Ó Riada, Tadhg Mac Dhonnagáin agus The Black Velvet Band (en) Aistrigh
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
Teangaan Ghaeilge
Musicbrainz: 349f6d3e-9c27-48a7-823e-85027806b9bf Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Ba iad Máirtín Ó Clochartaigh agus Pádraic Ó Maille ó Leitir Caladh (baile fearainn i dtuaisceart Leitir Móir, i Conamara i gContae na Gaillimhe, a scríobh an bunleagan i nGaeilge i dtús an 20ú haois.[1] Foilsíodh in An Claidheamh Soluis sa bhliain 1911 é. Cuireadh véarsaí nua leis agus é ag éirí níos fairsinge i nGaeltachtaí na tíre.

An t-amhrán cuir in eagar

Molann an t-amhrán áilleacht Pheigín, agus cuireann síos ar an ngrá atá ag an bhfile agus ag fir ó dhúichí éagsúla di. Seinneann ceoltóirí traidisiúnta an t-amhrán mar pholca, gan liricí, freisin.

Liricí cuir in eagar

Curfá:

O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
Oh I call her, call her
and I call my sweetheart;
1000 loves of my soul for her
my Peggy of Lettermore

I measc na véarsaí a chloistear go minic sa lá atá inniu ann, tá:

Éirigh suas, a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Is comhar do chuid bullán
Agus féach an bhfuil siad ann.
Tá Bríd agam 's tá Cáit agam
'Sí Peig an bhean is fearr;
Pé'r bith fear a gheobhas í,
Nach air a bhéas an t-ádh.
Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anoir le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicidís an tseoid.
Ó chuir me scéala siar chuici
Go gceannóinn di bád mór
'S é 'n scéala 'chuir sí aniar chugam
Go ndéanfadh leathbhád seoil
D'éirigh mé ‘nois ar maidin.
Agus chuaigh mé ag bleán na bó
Cé a fheicim trasna na garraí uaim?
Ach Peigín Leitir Móir!
rise up, my Peggy
and stand on the brow of the height
& count your bullocks
and see if they are there
I have Brigid; I have Kate
its Peggy the best woman
whichever man gets her
won’t he have the luck
The fishermen of Galway
are coming from the east well
With lights bright & white
so that they may see the jewel.
I sent news to her
that I’d buy her a big boat;
She sent word back to me
that she’d make a sailing “hooker”
I got up now in the morning
& I went milking the cows
Who did I see across the field from me?
But Peggy of Lettermore!

Taifeadtaí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. {{Bowles, Micheál (1985). Claisceadal 1: Irish Folk Songs and Accompaniments. Glendale Press, Dún Laoghaire. ISBN 978-0-907606-35-2
  2. Mac Dhonnagáin, Tadhg (2008) Peigín Leitir Móir Futa Fata, An Spidéal ISBN 0-9550983-7-8

Naisc sheachtracha cuir in eagar