Antaibheathach atá sa pheinicillin a dhéanann daoine a chosaint ar ghalair.[1] Frithbheathach a tháirgeann an caonach liath Penicillium is ea é.[2]

WD Bosca Sonraí DrugaPeinicillin
Sonraí cliniciúla
Riosca le linn toirchisUS pregnancy category B (en) Aistrigh
Grúpa cógaseolaíochtaantaibheathach béitealachtaim agus peanam
KEGGC00395
ChEBI17334

I 1928 thug Alexander Fleming faoi deara gníomhaíocht an chaonaigh ar an mbaictéar stafalacocas nuair a truaillíodh a phláta saothráin leis an gcaonach liath.

Tháinig Fleming ar pheinicillin timpeall an ama chéanna le Howard Florey is Ernst Chain. Shaothraigh Florey, Chain is daoine eile in Oxford ar an eachtra, agus taispeánadh iarmhairt iontach chliniciúil na peinicilline den chéad uair i 1941. Bíodh is gur saothraíodh an-chuid frithbheathach eile idir an dá linn, is ceann de na frithbheathaigh is tábhachtaí fós í, agus a díorthaigh, cosúil le haimpicillin is beinsilpheinicillin.

Roinn an triúr acu, Fleming, Florey agus Chain, Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1945.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. forasnagaeilge.ie. "Eolaíocht agus Teicneolaíocht". Dáta rochtana: 2023.
  2. cogg.ie. "Antaibheathaigh". Dáta rochtana: 2023.
  3. Hussey, Matt (2011). "Peinicillin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.