Is éard is peireascóp[1] ann ná ionstraim optúil chun féachaint ar fhrithne atá folaithe ón radharc ag bac (níos airde ná leibhéal shúile an fhéachadóra, de ghnáth). Is é an bunphrionsabal dhá scáthán phlánacha, comhthreomhar ach scartha amach óna chéile. Tagann solas ón bhfrithne isteach ar an gcéad scáthán, frithchaitear é síos don dara scáthán, agus amach uaidh sin i súile an fhéachadóra. Mar sin, gabhann an solas bealach cosúil leis an litir Z. Is féidir éifeacht na hionstraime a fheabhsú le teileascóp inmheánach, agus le raonaimsitheoir, cosúil leis an bpeireascóp a úsáidtear ar fhomhuireán faoin bhfarraige chun reáda ar dhromchla na farraige a fheiceáil, nó leis an bpeireascóp a úsáidtear i dtanc le haghaidh stiúrtha.[2]

Prionsabal an pheireascóip. Úsáideann an peireascóip ar chlé scátháin ach úsáideann an taobh dheis priosmaí ach úsáideann an taobh dheis priosmaí.
a Scátháiní
b Priosmaí
c Súil an bhreathnóra
Prionsabal an pheireascóip lionsa. Tá difríocht idir an dá pheireascóp sa chaoi a gcuireann siad an íomhá in airde. Úsáideann an ceann ar chlé priosma ardúcháin ach úsáideann an taobh dheis lionsa ardúcháin agus Iomháphlána eile
a Réadlionsaí
b Lionsaí réimse
c Lionsaí athsheachadta
d Súil-lionsaí
e Lionsa súl an bhreathnóra
f Prism dronuilleach
g Lionsa athsheachadta

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: peireascóp” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2024-01-06.
  2. Hussey, Matt (2011). "Peireascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 513.