Peter Brian Medawar

eolaí

Míoleolaí a rugadh i Rio de Janeiro na Brasaíle ab ea Peter Brian Medawar (28 Feabhra 1915 - 2 Deireadh Fómhair 1987). D'oibrigh sé sa Bhreatain ar feadh a shaolré. Thaispeáin sé gur diúltú imdhíonach a bhí i gceist nuair a theip ar nódú craicinn.

Infotaula de personaSir
Peter Brian Medawar

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1915
Petrópolis, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Deireadh Fómhair 1987
72 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Magdalen, Ollscoil Oxford
Coláiste Marlborough
Ollscoil Oxford - céim dochtúireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreZó-eolaíocht
Gairmdochtúir leighis, ollamh, bitheolaí, fiseolaí, dírbheathaisnéisí, imdhíoneolaí, míoleolaí, taighdeoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirUniversity College London
Coláiste Magdalen, Ollscoil Oxford
Ollscoil Birmingham Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaAvrion Mitchison
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJean Medawar (1937–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCaroline Medawar Garland Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Agus an taighde seo ar siúl aige i gcomhar le Macfarlane Burnet, thaispeáin sé, dá n-insteallfaí fíochán ó dheontóir i bhféatas sa bhroinn go nglacfadh colainn an pháiste sin le nódú nó ionchlannú ón deontóir sin tar éis a bhreithe.

Roinn an bheirt Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1960 as seo.

D'fhoilsigh sé leabhair shuntasacha freisin, The Uniqueness of the Individual (Sainiúlacht an Duine Aonair, 1957), The Art of the Soluble (1967, Ealaín na hInréiteachta) agus Pluto's Republic (1982, Poblacht Plútóin).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Peter Brian Medawar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 446.