Philip Evans agus John Lloyd

Ba naoimh Chaitliceacha as an mBreatain Bheag iad Philip Evans agus John Lloyd. Rugadh Philip Evans ar 1645 i dTrefynwy agus fuair sé bás ar an 22 Iúil 1679, i bPwllhalog. Rugadh John Lloyd i mBrecknockshire agus fuair sé bás ar an 22 Iúil 1679 i bPwllhalog in éineacht le Philip Evans. Sagairt iad a bhí ar Dhaichead Mairtíreach Shasana agus na Breataine Bige.

Infotaula de personaPhilip Evans agus John Lloyd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Siocair bháisPionós an bháis
Gníomhaíocht
Ord crábhaidhCumann Íosa
Philip Evans

Philip Evans cuir in eagar

Rugadh Philip Evans in Monmouth sa bhliain 1645. Oileadh é sa choláiste úd St. Omer (sa Fhrainc anois), chuaigh sé isteach i gCumann Íosa Watten ar 7 Meán Fómhair 1665, agus oirníodh é in Liège (sa Bheilg anois). Cuireadh chuig an Bhreatain Bheag Theas é mar mhisinéir sa bhliain 1675.[1][2]

John Lloyd cuir in eagar

B'as Sir Frycheiniog i ndeisceart Powys don Athair John Lloyd. Gnáthshagart gan bhaint le hord reiligiúnda a bhí ann. [3] Oileadh é in Ghent (sa Bheilg inniu) agus ón mbliain 1649 sa Choláiste Sasanach in Valladolid, sa Spáinn.[4] Ghlac sé 'mionn an mhisinéara' ar 16 Deireadh Fómhair 1649 chun páirt a ghlacadh sa Mhisean Sasanach. Cuireadh chun na Breataine Bige sa bhliain 1654 le freastail ar Chaitlicigh cheilte, rud a rinne sé ar feadh ceithre bliana is fichead. Gabhadh é i dteach Mr Turberville in Penllyn, i nGleann Glamorgan, ar 20 Samhain 1678, agus cuireadh i bPríosún Cardiff Gaol é. Cuireadh an tÍosánach, Philip Evans, in éindí leis tamall ina dhiaidh sin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Saints and Martyrs", The Jesuits". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-01. Dáta rochtana: 2017-11-24.
  2. "Liturgy Office of Wales".
  3. Inscription on a portrait in the Royal English College, Valladolid: "San Juan Lloyd, natural de Brecknockshire, Gales, colegical y sacerdote de este Colegeio de San Albano, murió por la fe católica fuera de Cardiff, Wallia, el 22 de Julio de 1679" (Saint John Lloyd, a native of Brecknockshire, Wales, student and priest of this College of St Alban, died for the Catholic faith outside Cardiff, Wales, on 22 July 1679). Image at "Ramblings from a Welshwoman abroad".Teimpléad:Self-published source, low-resolution image at "ST. John LLOYD". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Eanáir 2014. Dáta rochtana: 30 Samhain 2017.
  4. ""St. John Lloyd", Royal English College, Valladolid". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-14. Dáta rochtana: 2017-11-30.