Piet Mondrian

péintéir Ísiltíreach (1872–1944)

Ealaíontóir agus teoiricí ealaíne, a rugadh in Amersfoort na hOllainne, ab ea Pieter Cornelis MondriaanPiet Mondrian mar ab fhearr aithne air (7 Márta 1872 - 1 Feabhra 1944), ar cheann de na péintéirí is cáiliúla sa 20ú haois agus an-tionchar aige ar na healaíona ar fad.

Infotaula de personaPiet Mondrian

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(nl) Pieter Cornelis (Piet) Mondriaan
Beathaisnéis
Breith(nl) Pieter Cornelis Mondriaan
7 Márta 1872
Amersfoort (an Ísiltír)
Bás1 Feabhra 1944
71 bliana d'aois
Nua-Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaCypress Hills Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga na hEalaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ollainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Amstardam
Laren
Winterswijk
Domburg
Nua-Eabhrac
Páras
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, maisitheoir, línitheoir, maisitheoir, eitseálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1893 –  1944
Ball de
SeánraEalaín theibí, allagóire, ealaín tírdhreacha, fíor, ábhar neamhbheo, portráid agus féinphortráid
GluaiseachtIarimpriseanachas, De Stijl agus siombalachas
Catalogue raisonnéPiet Mondrian: Catalogue Raisonné (en) Aistrigh (2018)
Piet Mondrian: Catalogue Raisonné (en) Aistrigh (1998) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnAgatha Zethraeus (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhraincis agus an Ollainnis
Ghlac sé/sí páirt i
28 Meitheamh 1964Documenta III
11 Iúil 1959Documenta II (en) Aistrigh
16 Iúil 1955documenta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPieter Cornelis Mondriaan sr.

Discogs: 2237489 Find a Grave: 7810314 Cuir in eagar ar Wikidata

Le Theo van Doesburg (1883 - 1931) bhunaigh Mondrian an ghluaiseacht san ailtireacht is an phéintéireacht a dtugtar De Stijl uirthi. Glactar leis chomh maith mar cheannaire an Nua-Phlaisteachais.

1899
Summer conversation - Zuid-Beveland in Zeeland c. 1898-1901
Piet Mondriaan - Durgerdam, c. 1898-1899

Saol cuir in eagar

Bhí Mondrian ar dhuine de cheannródaithe na healaíne teibí san fhichiú haois. Chaith sé a shaol ar lorg ‘luachanna uilíocha’, ag gabháil don ealaín fhíorach, agus ansin don ealaín theibí, agus ar deireadh ag gabháil don ealaín a bhí fréamhaithe i ngnéithe simplí geoiméadracha.

Ar an leabhar is cuimsithí ar shaol agus ar shaothar Mondrian tá Piet Mondrian, a Life, le Hans Janssen, nach maireann, arbh iar-choimeádaí ar an Kunstmuseum féin é. Baintear úsáid as ciútaí liteartha sa chur síos ar bheatha Mondrian, cur chuige neamhghnách i réimse na saothar beathaisnéise, ach cur chuige a chuireann go mór leis an saothar seo ar shaol an ealaíontóra neamhghnách a d’fhág a lorg ar an ealaín agus ar an gcultúr san fhichiú haois.[1]

Bailiúchán Mondrian san Háig cuir in eagar

Is sa Kunstmuseum Den Haag atá an bailiúchán is suntasaí de shaothar an ealaíontóra Piet Mondrian, ealaíontóir mór le rá de chuid na hÍsiltíre. Bíonn bailiúchán ealaíne Piet Mondrian ar taispeáint mar chuid den taispeántas leanúnach ‘Mondrian & De Stijl’.[2]

Tá nach mór 300 saothar ealaíne de chuid Mondrian sa mhúsaem. Tá léiriú iomlán ar fhorbairt ealaíne Mondrian, na radharcanna tíre a phéinteáil sé in Amstardam agus Domburg, an ealaín bhun-teibíochta a d’fhorbair sé i bPáras agus in Laren, agus an saothar a tháinig chun cinn i Nua-Eabhrac, an chathair a raibh sé ag cur faoi ann agus an sárshaothar ealaíne deireanach dá chuid, ‘Victory Boogie Woogie’ á dhéanamh aige.[1]

Saothar cuir in eagar

Bhí Mondrian gafa le healaín theibí. Tá cáil ar a shaothair dhronlíneacha theibí dhubha is bhána, agus i ndathanna príomhúla eile. Don chuid is mó, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, d’úsáid sé línte díreacha agus na dathanna dearg, gorm, buí, dubh agus bán.[3]

Sna saothair ealaíne is mó cáil de chuid Mondrian is ann do línte dubha agus blocanna bundathanna amháin go príomha, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine agus iad ag iarraidh a shaothair ealaíne a mheas, a ionramháil agus a thuiscint.[1]

 
Bhí New York City 1 (1942) ar crochadh bunoscionn, agus tá sé bunoscionn i gcónaí, ar eagla go ndéanfaí dochar dó á chasadh

New York City 1 cuir in eagar

Rinne Mondrian an pictiúr New York City 1 (1942)[4] agus tá sé ar crochadh sa Kunstsammlung Nordrhein-Westfalen[5] in Dusseldorf sa Ghearmáin. Chruthaigh sé an píosa ealaíne in 1941.

Sa bhliain 2022, chonaic daoine grianghraf den phictiúr seo ó 1945 sa MOMA. Fuarthas amach go raibh an píosa ealaíne ar crochadh bunoscionn (agus ó 1980 ar a laghad). Bhí leagan eile den phictiúr ar crochadh sa Centre Pompidou, "New York City", agus é ina sheasamh i gceart.[6]

 
Piet Mondrian, 1942 - Broadway Boogie Woogie

Mar bharr ar an donas, ní raibh muintir an ghailearaí in Dusseldorf an pictiúr a athrú ar eagla go ndéanann siad damáiste don ealaín.[7][8][3]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tá eipeasóid spéisiúil ann ar ‘Composition with Red, Yellow, and Blue’ (1927) ar an bpodchraoladh The Lonely Palette ar fiú cluas éisteachta a thabhairt dó chun eolas a chur ar Mondrian.[9][10]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Oisín Uíbh Eachach (2023-11-29). "An píosa ealaíne a crochadh bunoscionn le 75 bliana" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
  2. "Mondrian & De Stijl" (en). Kunstmuseum Den Haag (2016-11-16). Dáta rochtana: 2023-12-01.
  3. 3.0 3.1 Ollscoil Má Nuad (5 Nollaig 2022). "ELeathanach 426". 
  4. "New York City (painting)" (as en) (2023-07-10). Wikipedia. 
  5. "Kunstsammlung Nordrhein-Westfalen" (as en) (2022-11-01). Wikipedia. 
  6. "New York City" (fr-FR). Centre Pompidou. Dáta rochtana: 2023-11-29.
  7. Hussey, Matt (2011). "Piet Mondrian". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 468.
  8. "Piet Mondrian artwork displayed upside down for 75 years" (en-GB). BBC News (2022-10-28). Dáta rochtana: 2022-12-05.
  9. "Episode 10: Piet Mondrian's Composition with Red, Yellow, and Blue (1927)" (en-US). The Lonely Palette Podcast (2016-10-26). Dáta rochtana: 2023-12-01.
  10. "Episode 10: Piet Mondrian's Composition with Red, Yellow, and Blue (1927)" (as en) .