An Pláta Somálach

pláta teicteonach
(Athsheolta ó Pláta Somálach)

Mionphláta teicteonach is ea Pláta na Somáile, nó an Pláta Somálach, atá ar scaradh gabhail ar an meánchiorcal sa leathsféar thoir.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Pláta Somálach
CineálPláta teicteonach Cuir in eagar ar Wikidata
Teorainneacha lePláta na hAfraice
an Pláta Indiach
an Pláta Astrálach
an Pláta Antartach
an Pláta Arabach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Trasnaíonnan tSomáil, an Aetóip, an Chéinia, an Tansáin, Poblacht Mhósaimbíc, an Afraic Theas, Leosóta, Ríocht Esuaitíní, Madagascar agus Na Séiséil Cuir in eagar ar Wikidata

Geolaíocht cuir in eagar

 
An Pláta Somálach timpeallaithe ag Pláta na hAfraice (Núbach), Leithinis na hAraibe agus Pláta na hIndia.

Rinneadh Pláta na Somáile idir 60 milliún bliain ó shin agus 10 milliún bliain ó shin nuair a scoilt Pláta na hAfraice ó Chlais na hAfraice Thoir.[1] Toisc go ndeighleann Clais na hAfraice Thoir an mhór-roinn ina dhá phláta, tugtar uaireanta an Pláta Núibiach ar Phláta na hAfraice ó dheas ón scoilt.[2]

Tá Pláta na Somáile timpeallaithe san oirthear ag Clais na hAfraice Thoir, a shíneann ó dheas ón gcumar triarach sa Logán Afáireach, agus síneann an scoilt faoin bhfarraige ag leathnú ó dheas amach ón gcósta. Ar feadh chósta na hAraibe Sádaí a shíneann an Droim Áidin. Is é an Droim Indiach Láir a teorainn thoir, agus tugtar 'Droim Carlsberg', freisin, ar an gcuid thuaisceartach. Is é an Droim Indiach Thiar an teorainn theas. Léiríonn dátú bolcánachais in Oileáin Chomóra, agus sna bolcáin i dtuaisceart Mhadagascar ráta gluaisne chuig an oirthir thar bhall te de thart ar 45 mm sa bhliain.

Nótaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar