Iarmhairtí iolracha géine amháin. Mar shampla, laghdaíonn an ghéin iarmharach i nDrosophila (an chuil torthaí) méid na sciathán, ach chomh maith leis sin, mionathraíonn na cothromóirí, athraíonn treo guairí áirithe, agus athraíonn uimhir na línte uibheacha sna hubhagáin. Sa duine mar an gcéanna, bíonn cuid mhaith géinte pléatrófacha taobh thiar de shiondróim ar leith. Mar shampla, maidir leis an ngéin is cúis le siondróm Marfan, ní hamháin go dtáirgeann sí an déanamh colainne caol caolchrúbach, le fadú fhoircinn na ngéag go háirithe, ach róghluaisne na n-alt freisin, agus go minic cur lionsa na súile as ionad is galair croí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pléatrófacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.