Is é is poirceallán ann ábhar ceirmeach crua gloiniúil tréshoilseach, i gcodarsnacht le potaireacht atá teimhneach póiriúil. Bíonn cré Shíneach is cloch Shíneach ann, agus tugtar tine dó ag teocht 1,200-1,350 °C (ní bhíonn cloch Shíneach i bpotaireacht, agus tugtar tine di sin ag teocht níos lú ná 1,200 °C). Rinneadh den chéad uair é sa tSín idir an 7ú is an 10ú céad nuair a thosaigh táirgeadh na n-earraí cáiliúla, séadghlasa ceileadain. Sa 10ú-13ú céad táirgeadh ar a laghad 9 n-athraitheach suntasach. Ón 14ú céad tháinig sé go hiarthar na hEorpa, agus measadh go raibh sé an-luachmhar. Rinne monarcha na Medici i bhFirenze na hIodáile an chéad iarracht poirceallán a dhéanamh san Eoraip sna 1570idí, ach níor éirigh rómhaith léi. Go luath san 18ú céad bhí rath ar iarracht Meißen sa Ghearmáin.[1]

Ábhar neamhbheo: "Foireann taeghréithe", Jean-Etienne Liotard (1700idí)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Poirceallán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.