Is éard is poitéinseal leictreach (ar a dtugtar freisin poitéinseal réimse leictrigh nó poitéinseal leictreastatach) ann ná an méid oibre atá ag teastáil chun aonaid luchta dheimhnigh a bhogadh, ó phointe tagartha go dtí pointe ar leith, taobh istigh den réimse gan aon luasghéarú a ghiniúint. De ghnáth, is é an Domhan an pointe tagartha nó pointe ag an éigríoch, cé gur féidir leas a bhaint as aon phointe níos faide i gcéin ó thionchar luchta an réimse leictrigh.

Bosca Sonraí Méid FisiciúilPoitéinseal leictreach
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Benjamin Franklin i mbun turgnamh le tintreach a dhéanamh, nach bhfuil ann ach feiniméan leictreastatach macrascópach.

De réir, na leictreamaighnéadaice teoiriciúla, tá poitéinseal leictreachis ina chainníocht scálach sainchiallaithe ag V,  comhionann le fuinneamh poitéinsiúil leictreach d'aon cáithnín luchtaithe ag suíomh ar bith  (arna thomhas i joules) roinnte ag an lucht an cháithnín (arna thomhas i gcoulombs). Trí lucht an cháithnín a roinnt amach faightear fuílleach atá ina tréith den réimse leictrigh féin.