Sa chéimseata, de ghnáth, is éard is polagán ann ná fíor dhéthoiseach a bhíonn cuimsithe le cosán dúnta nó ciorcad, comhdhéanta de sheicheamh críochta de mhírlínte díreacha (is é sin, le slabhra polagánach dúnta). Tugtar 'imill' nó 'taobhanna' ar na codanna seo, agus tugtar 'reanna' nó 'coirnéil' ar na pointí ina gcasann dá imeall le chéile. Is éard is m-gán ann ná polagán le 'm' taobh. Tugtar 'an corp' uaireanta ar taobh istigh de pholagán. Is sampla é an polagán déthoiseach de “pholatóp” gur féidir aon líon d'uimhreacha toisí a bheith aige.

Bosca Sonraí PolytopePolagán
Cineálfíor phlánach, polatóp simplí, polatóp aonphléacsach agus closed polygonal chain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Grua an pholatóiptaobh () Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
dion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MathWorldPolygon Cuir in eagar ar Wikidata
Polagáin éagsúla

Má bhíonn n taobh sa pholagón, is ionann suim na n-uillinneacha inmheánacha agus (2n-4) dronuillinn nó (n-2) π. I bpolagón rialta bíonn na taobhanna uile ar comhfhad, agus is ionann na huillinneacha inmhéanacha ag gach stuaic. Is triantán comhshleasach polagón rialta le 3 thaobh. Is cearnóg ceann le 4 thaobh. Tá líon éigríochta figúirí rialta.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Polagón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.