Polybius

staraí sa tSean-Ghréig

Ba staraí Gréagach den tréimhse Heilléanach é Polybius (Sean-Ghréigis: Πολύβιος, Polýbios ;c. 208- c. 125 RCh) a bhain clú amach mar gheall ar a shaothar 'Na Startha' (Sean-Ghréigis:Ἱστορίαι, ''Historíai''). a chlúdaigh an tréimhse 264–146 RCh go mion. Cuireann an obair síos ar dul chun cinn na Poblachta Rómhánaí go dtí a stádas ceannasachta san Mheánmhuir ársa, agus cuimsíonn sí cuntas finné súl ar Léigear na Cartaige agus Léigear na Corainte, sa bhliain 146 RCh, agus an ionghabháil Rómhánach ar mhórthír na Gréige tar éis an Cogadh Acaech.

Infotaula de personaPolybius

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(grc) Πολύβιος
Beathaisnéis
Breithc. 200 "RCh" (<199 "RCh")
Megalopoli, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 120 "RCh" (>133 "RCh")
79/80 bliana d'aois
an Ghréig, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTitim de chapall
Teanga dhúchaisan tSean-Ghréigis
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, saighdiúir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Ré Heilléanaíoch
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairLycortas

Tá Polybius tábhachtach mar gheall ar a anailís a rinne sé an mbunreacht measctha nó ar an scaradh cumhachtaí sa rialtas, a raibh tionchar aici ar De l'esprit des loix (An Ghaeilge: ''Spiorad na nDlíthe'') de chuid Montesquieu, agus ar chumadóirí Bhunreacht na Stát Aontaithe .

Dúchas cuir in eagar

Rugadh Polybius thart ar 208 RCh i Megalopolis,( ''Ollchathair''), An Arcáid, nuair a bhí sí ina ball gníomhach de Chonradh na hAcháia. Bhí a athair, Lycortas, (Sean-Ghréigis: Λυκόρτας,'' Lykórtas'') ina pholaiteoir iomráiteach a raibh talamh aige, agus ina bhall den uasaicme rialaithe a tháinig chun mar strategos (ginearál i gceannas) ar Chonradh na hAcháia.[1] Dá bhrí sin, bhí Polybius in ann breathnú go díreach ar ghnóthaí polaitiúla agus míleata na cathrach 'Megalopolis'. Chuir sé spéis i marcaíocht capall agus fiach, caitheamh aimsire a bhfuair faomhadh dó ina dhiaidh sin óna bhraighdeanaithe Rómhánacha.

Sa bhliain 182 R.Ch., tugadh mór-onóir dó nuair a roghnaíodh é chun próca luaithrigh Philopoemen a iompair, ceann de pholaiteoirí na hAcháia is cáiliúla dá ghlúin. I 69 RCh nó 170 RCh, toghadh Polybius ina Hipparchus (oifigeach marcra), ócáid a chiallaigh go minic go mbeadh sé tofa don Strategia bhliantúil (ceannaire airm). Bhí a luath ghairmréim pholaitiúil dírithe ar neamhspleáchas Megalopolis a chothabháil.   [ <span teideal="This claim needs references to reliable sources. (May 2017)">luaitear gá</span> ]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". www.perseus.tufts.edu.