Poncaíocht

marcanna iad comharthaí poncaíochta a léiríonn conas ba chóir píosa téacs scríofa a léamh

Is marcanna iad comharthaí poncaíochta a léiríonn conas ba chóir píosa téacs scríofa a léamh (go ciúin nó os ard) agus, dá réir sin, a thuiscint. Fuarthas na samplaí is sine ar eolas de chomharthaí poncaíochta sa Steil Mhesha ón 9ú haois RCR, ina raibh poncanna idir na focail agus strócanna cothrománacha idir míreanna. Thosaigh an scríbhneoireacht aibítre-bhunaithe gan aon spásanna, gan aon cheannlitrithe, gan aon ghutaí (féach abjad), agus gan ach cúpla comhartha poncaíochta, toisc go raibh sí dírithe go príomha ar idirbhearta gnó a thaifeadadh. Is leis na drámadóirí Gréagacha amháin (amhail Euripides agus Aristophanes) a cuireadh tús le foircinn na n-abairtí a mharcáil chun cuidiú le haisteoirí a fháil amach cathain a dhéanfaidh siad sos le linn léirithe. Cuimsíonn poncaíocht spás idir focail agus na comharthaí eile, a úsáidtear go stairiúil nó faoi láthair.

Bosca Sonraí GraiféimPoncaíocht

Faoin 19ú haois, baineadh úsáid ordlathach as na comharthaí poncaíochta ó thaobh a thábhacht de. D'fhéadfaí breathnú ar shé phonc, a mhol an t-údar Francach Hervé Bazin i 1966, mar réamhtheachtaithe na straoiseog agus n-emoji.

Treoir Stíle cuir in eagar

Maidir leis an phoncaíocht, seo a leanas achoimre de threoir an Aontais Eorpaigh d'foilseacháin as Gaeilge;

An lánstad cuir in eagar

  • De ghnáth ní úsáidtear lánstad i gceannteidil. Is lánstad amháin a leanann ‘etc.’ nuair a thagann sé ag deireadh abairte. Cuirtear lánstad i ndiaidh focal giorraithe, e.g. Co., An tUas., ach i gcás coimriúchán, ní scríobhtar lánstad, e.g. An (an) Dr.
  • Is é an cleachtas faoi láthair, áfach, lánstad a chur i ndiaidh lch. (leathanach) agus lgh. (leathanaigh).
  • Cuirtear lánstad i gcónaí ag deireadh fonóta.
  • Ní chuirtear lánstad ag deireadh ceannteidil.

An leathstad== cuir in eagar

  • Má bhíonn míreanna fada agus casta agus iad i sraith nó má bhíonn poncaíocht inmheánach á húsáid freisin, ar mhaithe le soiléireacht, úsáidtear leathstadanna chun na míreanna a dheighilt óna chéile:

Mar shampla; Is mar a leanas a bhí comhaltas an choimisiúin idirnáisiúnta: an Fhrainc, 4; an Ghearmáin, 5; an Iodáil, 3; an Ríocht Aontaithe, 1; na Stáit Aontaithe, 7.

An t-idirstad cuir in eagar

  • Ní úsáidtear idirstadanna ag deireadh ceannteidil nó chun tábla nó graf atá curtha i dtéacs a chur i láthair. Is féidir idirstad a úsáid chun abairt a roinnt ina dhá chuid a dhéanann codarsnacht le chéile nó a chothromaíonn a chéile. Is gá abairt iomlán a bheith ann sa chuid a thagann roimh an idirstad: ní gá gurb amhlaidh don dara cuid.
  • Clóitear leathstadanna agus idirstadanna go díreach i ndiaidh na litreach nó an fhigiúir roimhe i.e. gan aon spás eatarthu.

Lúibíní cruinne cuir in eagar

  • De bharr lúibíní is féidir ábhar nach bhfuil riachtanach ó thaobh na brí de a chur isteach sa téacs:

Mar shampla;Beidh an comhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14 den Rialachán (‘an comhlacht’) bunaithe laistigh den Chomhphobal.

  • Ní thagann camóg riamh roimh an lúibín tosaigh. Má bhíonn abairt iomlán laistigh de na lúibíní, caithfear an lánstad a chur roimh an lúibín deiridh.
  • Seachnaítear lúibíní cruinne a úsáid nuair a bhíonn rogha idir inscní nó idir iolra agus uatha á léiriú.

Mar shampla; is slachtmhaire ‘sé/sí’ nó ‘carr/carranna’ a úsáid san áit a mbeadh ‘s(h)e’ nó ‘car(s)’ sa Bhéarla. Is tábhachtaí é seo fós i gcás aidiachtaí, e.g. ‘bád mór/báid mhóra’.

Lúibíní cearnacha cuir in eagar

  • Úsáidtear iad chun ráiteas seachas ráiteas ón mbunúdar a idirshuí:

Mar shampla; ‘D’éirigh siad [na Lupracháin] agus iad mar a bheadh aon neach amháin ann.’

  • Sampla i leabhar Gaeilge (Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm)):
  • 16.45 Is minic nach dtugtar ach an fhaisnéis mar fhreagra ar cheisteanna dar tús cé:
  • Cé hé an bhean sin? [Is í] Cáit Ní Chathasaigh [í].
  • Cé hé thusa? [Is mé] Cáit Ní Chathasaigh.
  • Cé hé mise? [Is tú] Seán Ó Sé.
  • Is féidir lúibíní cearnacha a úsáid freisin agus dréachtú riaracháin ar siúl chun léiriú a dhéanamh ar shleachta roghnacha nó ar na sleachta sin atá fós á bplé.
  • Ní gnáthnós é lúibíní cearnacha a úsáid chun téacs a iniamh agus an téacs sin cheana i lúibíní. Is leor lúibíní dúbailte.