Is éard atá i gceist le Pop-Up Gaeltachttob-Ghaeltacht ná ócáid a thugann deis do Ghaeilgeoirí an teanga a labhairt ar bhealach neamhfhoirmeálta, i dteach tábhairne de ghnáth. Tá sé áitithe go bhfuil feidhm le "spásanna nua d’úsáid shóisialta na teanga i bpróiseas dlisteanaithe an nuachainteora atá ag lorg pobal cleachtais agus deiseanna úsáide".[1] Spás "sábháilte" í an tob-Ghaeltacht agus í ag freastal ar dhaoine a bhfuil cumas teoranta acu agus ar chainteoirí a bhfuil saineolas acu ar an teanga. Tá ócáidí dá leithéid ag dul ó neart go neart i mBaile Átha Cliath.[1] Tá siad curtha ar bun thar lear chomh maith, in Perth na hAstráile, Dubai, Vancouver, Nua-Eabhrac agus La Paz sa Bholaiv.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaPop-Up Gaeltacht
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

ManaBailíonn Gaeil go míosúil i dtithe tábhairne, chun ól like. Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAn Ghaeltacht Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíochtdílseacht theanga, normalú teanga agus Athbheochan teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2017, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Osgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: popupgaeltacht Twitter: popupgael Instagram: popupgaeltacht Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Tá sé ráite gurb é aidhm na tob-Ghaeltachta fáil réidh leis na sean-nathanna faoi Ghaeilgeoirí agus deoch a chaitheamh siar san am céanna.[3]

Osgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh a chuir an chéad tob-Ghaeltacht ar bun sa bhliain 2017.[4] Shíl siad, murar athraíodh dearcadh na gcainteoirí Gaeilge, go gcaillfí an teanga í féin.[3] Bhí a fhios acu go raibh a lán daoine ann nach mbíodh ar a suaimhneas agus iad ag labhairt Gaeilge toisc smál na scoile a bheith ar an teanga acu.[2] Bhí sé de bhuntáiste ag na hócáidí ó thaobh lucht gnó de go raibh brabach le baint astu agus an oiread sin daoine ann.[3]

Bhí an gcéad tob-Gaeltacht sa Bar Rua[5] sa bhliain 2017. Dúirt Peadar Ó Caomhánaigh nach raibh an rialtas ag an am ag déanamh go leor ar son na teanga agus go raibh seisean ag iarraidh úsáid an teanga a normalú.[3]

Thar lear cuir in eagar

Sa bhliain 2019 cuireadh tob-Ghaeltacht ar bun sna i gcathair Nua-Eabhrac.[6] Bhí tob-Ghaeltachtaí eile in La Jolla agus in Los Angeles agus in Washington.[7] Bhí ócáidí eile san Astráil, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Ceanada agus an Bholaiv.[2] Ó chuir Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha tús leis na tob-Ghaeltachtaí tá níos mó ná 150 ceann acu ann ar fud an domhain.[4]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Stiofán Seoighe, "‘Is libhse an chathair’ — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge,", COMHARTaighde, Eagrán 4: https://comhartaighde.ie/eagrain/4/seoighe/
  2. 2.0 2.1 2.2 Sorcha Pollak. "Move over Ring and Dingle: the pop-up Gaeltacht is here" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-10.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Pop Up Gaeltachts dare you to say the Irish language is dead — District" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-02-07. Dáta rochtana: 2020-02-10.
  4. 4.0 4.1 Caroline Egan. "How Pop-Up Gaeltacht is Reviving Irish in Pubs" (en-GB).[nasc briste go buan]
  5. "Bernard Shaw - Richmond Street" (en). DublinTown. Dáta rochtana: 2020-02-10.
  6. Siobhán Ní Chiobháin in New York. "From toddlers to drag queens: Meet New York’s new Gaeilgeoirs" (en). The Irish Times.
  7. "Want to learn Irish? These events taking place across the US can help you start" (en). IrishCentral.com (2019-08-29).