Cathair in Iarthar na Fionlainne í Pori (Sualainnis: Björneborg, nó "Cathair na mBéar" - leagan truaillithe den ainm seo is ea an leagan Fionlainnise). Bhí 76,355 duine ina gcónaí ansin ar an 31 Lúnasa 2008. Is í féile an tsnagcheoil, nó Pori Jazz, is mó a thabhaíonn clú don áit taobh amuigh den Fhionlainn, ach thairis sin, tá clú ar na cladaí gainimh in Yyteri agus ar an bhfoireann áitiúil haca oighir, Porin Ässät.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPori
Pori (fi)
Björneborg (sv) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61°29′12″N 21°47′51″E / 61.4867°N 21.7975°E / 61.4867; 21.7975
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighSouth-Western Finland Regional State Administrative Agency (en) Aistrigh
Region of Finland (en) AistrighSatakunta Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán85,363 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús50.09 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighPori sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,704.07 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síNoormarkku agus Lavia Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1558 (Féilire Ghréagóra)
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachPori City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinpori.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Is iomaí uair a chuaigh an chathair trí thine, agus nuair a tharla sin an uair dheireanach, faoi dheireadh na naoú haoise déag, thug an tImpire ar an ailtire Georg Theodor von Chiewitz cuma nua a chur ar an áit ar fad. Theastaigh ó Chiewitz cuma níos fairsinge a bheith ar an gcathair, agus a aithne sin ar chuid mhór de Phori inniu féin.

Tá clú ar an inscríbhinn Laidine ar halla na cathrach freisin: Curia Arctopolis ("áras Chathair na mBéar"). Ó nach bhfuil mórán Laidine ag muintir na cathrach, is é an chiall a bhain lucht an ghrinn as na focail ná kuri ja ankara poliisi ("smacht agus dianphóilíniú").