Tugtar prócaróit ar orgánaigh nach bhfuil fíornúicléas ná orgánaidí eile faoi scannán acu.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPrócarót
Prokaryota Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Modh gluaiseachtarolladh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtProkaryota Cuir in eagar ar Wikidata
Chatton, 1925
Bunstruchtúr baictéir, ceann den dá chineál prócarót.

Tá siad éagsúil leis na heocaróit, orgánaigh a bhfuil a gcuid ceall le fáil i struchtúir chasta faoi scannán agus a bhfuil núicléas acu. Tá formhór na bprócarót aoncheallach agus níl a gcuid ábhar géineach bailithe faoi scannán. Tagann an t-ainm ó Shean-Ghréigis: πρό (pro) = roimh agus κάρυον (karyon) = cnó, agus an iarmhír ώτης (-ōtēs).

Tá na procaróit roinnte ina dhá bhfearann: na baictéir agus na haircéigharchaea. Síleadh tráth nach bhfaighfeá aircéigh ach amháin in áiteanna doicheallacha a raibh an-chuid teasa, pH (tomhas aicíde) nó radaíochta iontu. Aithnítear anois go maireann aircéigh i ngnáthóga de gach saghas.

Naisc sheachtracha cuir in eagar