Is éard is próifíliú ciníoch ann ná aon ghníomh a dhéantar ar chúiseanna sábháilteachta, slándála nó cosanta poiblí, a bhraitheann ar steiréitíopaí faoi chine, dath, eitneacht, sinsearacht, reiligiún, nó áit dúchais, nó meascán díobh seo, seachas ar amhras réasúnach, chun aon duine faoi leith a roghnú le haghaidh grinnscrúdaithe níos mó nó cóireála difriúla.

Tá próifíliú ciníoch difriúil ó phróifíliú coiriúil. Tá próifíliú ciníoch bunaithe ar bhoinn tuisceana steiréitipiciúla mar gheall ar chine, dath, eitneacht, srl. Ar an láimh eile, tá próifíliú coiriúil ag brath ar iompar iarbhír nó ar fhaisnéis faoi ghníomhaíocht amhrasta ag duine a chomhlíonann an tuairisc ar dhuine ar leith. [1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. What is racial profiling? (fact sheet).http://www.ohrc.on.ca/en/