Prótalú (protolysis an téarma Béarla) a bheidh ann má fhágann ian deimhneach hidrigine, nó prótón, H+, an móilín aigéid agus móilín bunata ag glacadh leis. D'fhéadfá a rá gur malairt ainm é ar imoibriú an aigéid leis an mbun, más é sainmhíniú Brønsted agus Lowry ar an aigéad agus ar an mbun a úsáidtear.

H2SO4 + NH3 -> HSO4- + NH4+

Prótalú an aigéid shulfaraigh agus é ag imoibriú le hamóinia. Ian hiodrasulfáite agus ian amóiniam is torthaí don imoibriú seo.

Uathphrótalú atá i gceist, má tá substaint amfaiteireach againn, is é sin substaint ar féidir léi páirt an aigéid agus an bhuin a dhéanamh, agus móilín amháin ag tabhairt prótóin ar iasacht do mhóilín eile ar an dóigh seo.

2H2O -> H3O+ + OH-

Uathphrótalú an uisce: is iad an t-ian ocsóiniam (hiodrocsóiniam) agus an t-ian hiodrocsaíde is torthaí don imoibriú seo.