Prionsabal éiginnteachta Heisenberg

Thaispeáin Werner Heisenberg éiginnteacht bhunúsach sa bhfisic chandamach, go laghdaíonn cruinneas tomhas ionad cáithnín de réir mar a mhéadaítear cruinneas thomhas a luais, agus a mhalairt go cruinn. Ar leibhéal na gcáithníní bunúsacha, cuireann próiseas an tomhais isteach ar an gcóras. Mar shampla, dá mb'fhéidir le micreascóp cumasach leictreon a bhrath, bheadh gá le solas chuige seo. Ach tá leictreon chomh beag éadrom sin, dá dtitfeadh fótón amháin air, go n-athródh sé sin ionad an leictreoin. Mar an gcéanna más mian teocht nó brú nó sruth leictreach a thomhas, ach de ghnáth is beag is fiú an oiread a chuireann an modh tomhais isteach ar an gcóras. Ach ar an leibhéal fo-adamhach, is amhlaidh nach féidir eolas ar leith a thomhas go cruinn. Ní hé ciall an phrionsabail nach bhfuil aon chinnteacht sa bhfisic chandamach, ach nach féidir dhá airí d'aon réad candamach, mar fhuinneamhmóiminteam nó am nó ionad nó gluaisne, a thomhas go cruinn ag an am céanna.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Prionsabal neamhchinnteachta Heisenberg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 343.