Sa bhfisic, an coincheap nach féidir luasghéarú réada a thomhas i dtaca le dearbhspás, ach gur gá é a thomhas i dtaca le damhna iomlán na Cruinne. Is é an damhna go léir mórthimpeall air a dhearbhaíonn táimhe an réada. Ní bheadh ciall ar bith le táimhe sa spás folamh. Ernst Mach a chuir an coincheap chun cinn i 1863, agus ba thábhachtach í i bhforbairt na coibhneasachta ginearálta ag Einstein.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Prionsabal Mach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 428.