Is éard atá i gceist leis an bpriontaíocht ná saothair ealaíne a chruthú trí phriontáil, de ghnáth ar pháipéar, ach freisin ar fhabraic, adhmad, miotal, agus dromchlaí eile. Sa phriontaíocht thraidisiúnta, cruthaítear priontaí de láimh, gan leas a bhaint as atáirgeadh grianghrafadóireachta ná printéirí leictreonacha.

Rembrandt, Féin-phortráid, eitseáil, c.1630

Cruthaítear priontaí trí dúch a aistriú ó “mhaitrís” go leathanach páipéir nó ábhar eile. Braitheann cineál na maitríse ar an teicníc priontála atá i gceist. Sa ghreanadóireacht agus san eitseáil, úsáidtear pláta miotail; sa liteagrafaíocht, úsáidtear cloch, alúmanam, nó polaiméir; sa ghearradh líonóile, úsáidtear líonóil; agus sa ghreanadóireacht adhmaid, blocanna adhmaid. Úsáidtear scáileáin déanta as síoda nó fabraicí sintéiseacha don phróiseas scagphriontála.

Francisco Goya, No Hay Quien Los Socorra, Tubaistí an Chogaidh sraith, uiscimir c.1810

Ach amháin i gcás an aonchló, is féidir le haon phróiseas priontaíochta go leor leaganacha den saothar ealaíne céanna a tháirgeadh; ar a dtugtar “priontaí”. Breathnaítear ar gach prionta mar “bhunsaothar” ealaíne, agus tugtar “imprisean” air, seachas “cóip”, toisc go bhféadfadh difríocht sách mór a bheith ann idir imprisin, d'aon ghnó nó trí thimpiste. Tugtar “prionta atáirgthe” ar phrionta ar cóip de shaothar ealaíne eile é, go háirithe saothar péintéireachta.

Tugtar “eagrán” ar na himprisin a dhéantar ón mhaitrís chéanna. Ó dheireadh an 19ú haois, is gnách go síníonn ealaíontóir na himprisin aonair in eagrán, agus cuirtear uimhreacha orthu chun eagrán teoranta a chruthú. Ansin, scriostar an mhaitrís ionas nach féidir tuilleadh priontaí a tháirgeadh uaithi. Is féidir priontaí a phriontáil i leabhair mhaisithe nó i leabhar ealaíne freisin.

Félix Vallotton, La raison probante (An Chúis Chiallmhar), greanadh adhmaid ón tsraith Intimités, (1898)