Ráth Mealtain

baile i gContae Dhún na nGall

Baile i gContae Dhún na nGall is ea Ráth Mealtain. Sa bhliain 2016, bhí 1,266 daoine ina gcónaí sa bhaile.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRáth Mealtain

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°02′08″N 7°38′44″W / 55.0356°N 7.6456°W / 55.0356; -7.6456
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Tá Ráth Mealtain suite ag béal Abhainn na Leanainne, 13 chiliméadar ó thuaidh ó Leitir Ceanainn agus 8 gciliméadar soir ó dheas ó Bhaile na nGallóglach, ar bhruach thiar Loch Súilí.

Stair cuir in eagar

Plandáil Uladh agus an Preispitéireachas cuir in eagar

 
An Seanteach Tionóil (an foirgneamh ar dheis)

Is díol suntais é Ráth Mealtain mar go bhfuil sé ar cheann de na bailte is líonmhaire Preispitéireach i bPoblacht na hÉireann: cé go bhfuil na Preispitéirigh ina mionlach sa bhaile, tá dúchas Preispitéireach láidir aige ó aimsir Phlandáil Uladh, nuair a lonnaigh cóilínitheoirí Preispitéireacha agus Anglacánacha sa cheantar. Tá an foirgneamh is sine a tógadh in Éirinn fá choinne an adhraithe Phreispitéaraigh lonnaithe sa bhaile: an Seanteach Tionóil ar Lána an Chúil. Is é Ráth Mealtain áit bhreithne Francis Makemie fosta, duine de bhunaitheoirí an Phreispitéarachais sna Stáit Aontaithe. Mar gheall ar éagsúlacht chreidimh an bhaile, tá trí eaglais aige, in ainneoin laghad coibhneasta an daonra: eaglais Chaitliceach, eaglais Phreispitéireach, agus eaglais de chuid Eaglais na hÉireann.

An baile ina chalafort cuir in eagar

 
Ná céanna i Ráth Mealtain

Bhí an baile ina chalafort tábhachtach sa 18ú haois. D'onnmhairítí líon, a d'fhásaítí go logánta agus a phróiseáiltí sa bhaile in ionad ar a dtugtar an Tanyard, agus gaineamhchloch Chloch Cheann Fhaola amach as, agus bhíodh longa ag seoladh go rialta idir Ráth Mealtain, Nua-Eabhrac, agus Kingston, Iamáice, ag tabhairt táirgí talmhaíochta a bhí déanta ag sclábhaithe agus searbhóntaí faoi dhintiúr sna Meiriceáithe ar ais go Ráth Mealtain.[2] Chaill an baile tábhacht mar chalafort nuair a d'éirigh na longa rómhór don bhaile agus a d'aistrigh an chuid is mó den cheird seo go dtí calafort Dhoire Cholm Cille, a bhí in ann freastal ar na longa móra seo. Sa 19ú haois, osclaíodh iarnród idir Doire agus Leitir Ceanainn, an baile atá anois mar lár eacnamaíochta an chontae, ach níor fhadaíodh é riamh go Ráth Mealtain, rud a chuir níos mó fós le claochlú coibhneasta an bhaile. Ina ainneoin sin, tá a ché agus a stórais shainiúla ag an bhaile go fóill, a úsáidtear ina lán saothar ealaíne a thaispeánann an baile.

Féilte cuir in eagar

 
Féile na Leanainne

Cuirtear Féile na Leannaine ar siúl sa bhaile gach samhradh ó bhí 1970 ann. Ó 2015, is é Ráth Mealtain baile óstach na féile snagcheol giofóige Django Sur Lennon, a tharlaíonn i Mí Mheán Fómhair, féile a bhunaigh an banna ceoil La Pompe, agus a thógann inspioráid ón fhéile cháiliúil Festival Django Reinhardt a tharlaíonn taobh amuigh de Pháras.[3]

Iompar cuir in eagar

Tá dhá shlí bhus áitiúil a fhreastalaíonn ar an bhaile. Ritheann an uimhir 300, arna hoibriú ag TFI Local Link, idir Leitir Ceanainn, Ráth Mealtain, agus Teach Solais Fhánada, trí Ráth Maoláin, an Cheathrú Chaol, Port an tSalainn agus Baile Láir.[4] Ritheann an uimhir 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Leitir Ceanainn, Ráth Mealtain, agus Na Dúnaibh, trí Bhaile na nGallóglach, Creamhghort, An Gleann, agus Carraig Airt.[5] I dteanna orthu siúd, oibríonn John McGinley Coach Travel seirbhís idir Ráth Mealtain agus Leitir Ceanainn fá choinne daoine atá ag iarraidh ceangal lena seirbhís chóiste go Baile Átha Cliath.

Sa chultúr choiteann cuir in eagar

B'é Ráth Mealtain suíomh an tsrutha teilifíse The Hanging Gale, a cuireadh amach sa bhliain 1995, a d'inis scéal an Ghorta Mhóir, agus rinneadh cuid mhaith den scannánaíocht don scannán Aithrí, a léiríodh ar TG4 i Mí Aibreáin 2019, sa bhaile agus ina thimpeall. Tá an baile ina shuíomh tábhachtach don úrscéal The Four Feathers, le A.E.W. Mason, fosta.

Tábla daonra cuir in eagar

Déantar cur síos ar athruithe i ndaonra an bhaile sna blianta anuas sa tábla seo thíos:[1][6]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 1,088 - -
2011 1,212 +124 +11.4%
2016 1,266 +54 +4.5%

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Gailearaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
  2. Donegal Highlands - Paintings and Stories from North West Donegal; Liam Ronayne agus Pat Cowley; Cottage Publications, 1999. ISBN 9781900935074
  3. "About | Django Sur Lennon" (en-GB). djangosurlennon.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-04. Dáta rochtana: 2018-11-05.
  4. "Timetables – locallinkdsl.ie" (en-US). Dáta rochtana: 2023-05-08.
  5. Patrick Gallagher Travel. "Patrick Gallagher Bus Timetables". Patrick Gallagher Travel. Dáta rochtana: 08/05/2023.
  6. An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Population Classified by Area (ln. 53)" (Béarla). Dáta rochtana: 05/11/2018.