Is í Ré an Tuismidh (“Dreamtime” an Bhéarla) an téarma a chum antrapeolaithe chun cur síos ar chruinneshamhail chultúrtha agus reiligiúnda a luaitear leis an miotaseolaíocht Bhundúchasach. Ba é Francis James Gillen ba thúisce a bhain feidhm as an téarma, agus ba ghearr gur bhain Baldwin Spencer feidhm as; chuir A.P. Elkin i mbéal an phobail é, cé go ndearna sé athchomhairle ina dhiaidh sin. Is í Ré an Tuismidh an t-am a raibh neacha sinseartha ina gcónaí sa tír, neacha a bhí ina laochra nó a raibh cumhacht osnádúrtha acu. Ní raibh smacht ag na neacha seo ar an saol ábharach agus dá bhri sin tugtar urraim dóibh seachas iad a adhradh.

Ealaín stionsail le Gorge Carnarvon, a d'fhéadfadh a bheith ina cuimhneacháin, ina n-achainí chuig na sinsear tótamach nó ina thaifid de Ré an Tuismidh.

Tá an téarma Béarla “Dreamtime” bunaithe ar leagan den fhocal altjira (alcheringa) as canúint den teanga Arrernte i Lár na hAstráile. Tá sé maíte gur míthuiscint nó drochaistriúchán atá ann agus gur gaire an bhrí atá leis do “síoraí” nó do “neamhchruthaithe”.[1] Dúirt an t-antrapeolaí William Stanner gur fearr é a thuiscint mar rud ilbhríoch.[2]

Tá an téarma i mbéal an phobail fós agus é á úsáid gan ghrinneas i gcúrsaí turasóireachta, sa chultúr choitianta agus i litríocht ár linne.

Foinse cuir in eagar

D’úsáid an máistir stáisiúin, giúistís agus eitneolaí amaitéarach Fraincis Gillen an téarma i dtuairisc eitneolaíoch in 1896. D’fholsigh sé féin agus Baldwin Spencer saothar mór, Native Tribes of Central Australia, in 1899.[3] Thug siad cuntas ar an Alcheringa mar "the name applied to the far distant past with which the earliest traditions of the tribe deal".[4] Cúig bliana ina dhiaidh sin, sa leabhar Northern tribes of Central Australia, luann siad "the dream times", téarma a nascann siad leis an bhfocal alcheri ("brionglóid"), agus maíonn siad go bhfuil an téarma á úsáid ag na Kaitish agus ag na hAnmatyerre|Unmatjera.[5]

Altjira cuir in eagar

Chuir Carl Strehlow, ministir Liútarach agus misinéir ón nGearmáin, amhras in aistriúchán Spencer agus Gillen i leabhar a d’fhoilsigh sé in 1908, Die Aranda ("Muintir Arrernte"), agus é á rá gur mhínigh a bhfaisnéiseoirí Arrernte an focal altjira (focal nach léir a sanasaíocht) mar neach síoraí nach raibh tús aige. In Arrernte déarfá altjirerama - "Dia a fheiceáil" – chun "brionglóidigh" a chur in iúl. Rinne Strehlow amach gurb é an t-ainmfhocal an focal altjirrinja, focal measartha neamhchoitianta, agus gur sholáthair Spencer agus Gillen tras-scríobh mícheart agus bréagshanasaíocht. "The native," a dúirt siad, "knows nothing of 'dreamtime' as a designation of a certain period of their history."[6]

Deir Strehlow go dtugann na hArrernte AltjiraAltjira mara (mara, sin "maith") ar chruthaitheoir síoraí an domhain agus na ndaoine. Tugann Strehlow cuntas air mar fhear ard láidir a bhfuil craiceann dearg agus folt fionn air agus cosa éimiú faoi, mórán ban deargchneasach aige ar chosa mhadra agus clann ina dteannta. Deir Strehlow go bhfuil Altjira ina chónaí sa spéir, críoch a bhfuil Bealach na Bó Finne ag gabháil tríthi mar abhainn.[7] Ach bhí faisnéiseoirí Strehlow ina gCríostaithe leis na blianta fada, agus thug lochtóirí le fios go ráibh an focal Altjira á chur ar Dhia ag na misinéirí.[7] In 1926 rinne Spencer staidéar allamuigh chun triail a bhaint as tuairim Strehlow ar Altjira agus as an lochtú ar shaothar Gillen agus Spencer a bhí le tuiscint as a ndúirt sé. Fuair Spencer tuairiscí ar altjira ó na 1890idí a chuir in iúl gurb é an bhrí a bhí leis "cuid den am atá caite" or "síoraí" seachas "dia".[7]

Is dóigh le Sam Gill (1998) go bhfuil doiléire ag baint leis an bhfeidhm a bhaineann Strehlow as an bhfocal Altjira, ó luann sé dia uaireanta agus neach tótamach uaireanta. Measann sé go bhfuil baint ag an scéal leis an tuairim a bhí ag Spence mar éabhlóidí cultúrtha go raibh na Bundúchasaigh i dtréimhse réamhreiligiúnda agus nárbh fhéidir leo creidiúint i ndia, agus leis an bhfeidhm a d’fhéad Strehlow a bhaint as creideamh i ndia chun daoine a thiontú chun na Críostaíochta.[7]

Lochtaíonn an teangeolaí David Campbell Moore (2016) an focal "Dreamtime" a chum Spencer agus Gillen:[8]

"Dreamtime" was a mistranslation based on an etymological connection between "a dream" and "Altjira", which held only over a limited geographical domain. There was some semantic relationship between "Altjira" and "a dream", but to imagine that the latter captures the essence of "Altjira" is an illusion.

Creideamh Bundúchasach cuir in eagar

 
Peitriglif i gceantar Ku-ring-gai (Guriŋgai) lastuaidh de Sydney a thaispeánann Baiame, neach osnádúrtha i spioradáltacht an Tuismidh ag a lán grúpaí teanga.
 
Úsáidtear comharthaí Waugal (triantáin bhuí agus nathair dhubh ina lár) mar threoir ar Chonair Bibbulmun idir Kalamunda agus Albany san Astráil Thiar. Creideann na Noongar gur chruthaigh an Waugal/Wagyl Abhainn na nEalaí (Béarla: Swan River; Noongar: Derbarl Yerrigan).

Samhlaítear Ré an Tuismidh le samhaltáin thótamacha sa mhéid go bhféadann Bundúchasach “seilbh” a bheith aige ar “Thuismeadh” áirithe – Tuismeadh an Changarú, Tuismeadh an tSiorca, Tuismeadh an tSeangáin Mheala, nó meascán de Thuismí a bhaineann lena chríoch féin. Is é an chúis atá leis sin gur aon rud amháin í do shinsearacht sa Tuismeadh, rud a fhágann go mbailítear gach eolas saolta trí na sinsir. Leagann an Tuismeadh síos bun-nósanna an tsaoil.[9]

Creidtear gur laochra spioradálta a bhí freagrach as an gcruthaíocht, iad ag siúl na tíre agus ag cruthú láithreáin naofa agus áiteanna suntasacha. Mar seo a cuireadh "amhráin Aislinge" ar bun agus cuid acu ag gabháil ó cheann ceann na tíre trí shé nó fiú trí dheich ngrúpa teangacha. Is iad na hamhráin Aislinge conairí na Neach Spioradálta, agus d’fhéadfadh naofacht a bheith ag roinnt leis na comharthaí, leithéidí na n-íomhánna fisiciúla a d’fhág na Neacha úd ar charraigeacha agus samhlacha nádúrtha eile.

Bhí an Tuismeadh ann roimh shaolú an duine agus tá sé ann fós tar éis bháis. Creidtear go bhfuil an spiorad-leanbh beo sa Tuismeadh lasmuigh den bhreith agus den bhás agus nach dtagann sé ar an saol seo ach amháin tríd an máthair. Tuigtear go dtagann an spiorad isteach san fhéatas sa chúigiú mí.[10] Nuair a mhothaíonn an mháthair an leanbh ag bogadh sa bhroinn den chéad uair, síltear gurb é spiorad na críche mar a bhfuil an mháthair is cúis leis. Nuair a bheirtear an leanbh samhlaítear gur caomhnóir speisialta den chuid sin dá dtír é agus múintear dó na scéalta agus na hamhráin a bhaineann leis an áit. Deir Wolf (1994: p. 14): "A 'black fella' may regard his totem or the place from which his spirit came as his Dreaming. He may also regard tribal law as his Dreaming".

Foinsí cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. Swain 1993, p. 21.
  2. Nicholls 2014a.
  3. James 2015, p. 36.
  4. Spencer & Gillen 1899, p. 73 n.1,645.
  5. Spencer & Gillen 1904, p. 745.
  6. Hill 2003, pp. 140–141.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 Gill 1998, pp. 93–103.
  8. Moore 2016, pp. 85–108.
  9. "The Dreaming" in Encyclopædia Britannica: http://www.britannica.com/EBchecked/topic/171252/the-Dreaming
  10. Bates 1996.