Réabhlóid Thionsclaíoch

Tréimhse fhorbartha tionsclaíche a thosaigh san ochtú haois déag agus inar tharla go leor athruithe sa tsochaí ab ea an Réabhlóid Thionsclaíoch, nó Réabhlóid na Tionsclaíochta.

Coalbrookdale Shasana san oíche faoi sholas na bhfoirnéisí soinneáin. Péintéireacht le Philipp Jakob Loutherbourg Óg, 1801

Dul chun Cinn cuir in eagar

Chum James Watt an t-inneall gaile agus tosaíodh ar mhonarchana a thógáil. Bhí éileamh mór ann ar an ngual mar bhreosla leis na hinnill a chur ag feidhmiú. I measc na gcúinsí a chuir leis an Réabhlóid Thionsclaíoch bhí aistriú an daonra ón tuath go dtí na bailte mar gheall ar bhochtaineacht sa seachtú haois déag, an méadú faoin daonra féin agus cogaí an ochtú haois déag; Cogadh na Seacht mBliana (1756 - 1763), Cogadh Saoirse Mheiriceá (1775 - 1783) agus Cogaí Napóileain (1803 - 1815) i ndiaidh Réabhlóid na Fraince (1793-1802).

Thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch i Sasana, ach scaip sí go dtí tíortha eile ar fud na hEorpa agus go dtí na Stáit Aontaithe sa naoú haois déag.

Tagairtí cuir in eagar