Téarma a bhíodh in úsáid ag réalteolaithe d'aon réad doiléir nó néalmhar a bhí le feiceáil sa teileascóp. An lá atá inniu ann, tugtar réaltnéal ar scamall ollmhór gáis is deannaigh sa spás a bhfuil cuma gheal nó dhorcha air. Maidir le cuid de na réaltnéalta, is iontu a chruthaítear réaltaí. Cruthaítear néalta eile as bás réaltaí. I measc na néalta a cruthaíodh ag réaltaí, tá Néal Óiríon, néal mór geal a spreagann an radaíocht ultraivialait ó na réaltaí ann an gás chun lonrachta. Níl aon réalta shoilsithe sna néalta dorcha: samplaí is ea Néal an Ghualmhála is Néal Cheann an Chapaill. Nuair is mogaill gáis atá sa néal, caite amach ag seanréaltaí, tugtar néal pláinéadach air sin, agus sampla de seo is ea an Néal Héilicse. Cruthaítear néalta eile trí phléascadh ollnóvaí: is sampla de sin an Portán.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réaltnéal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 554.