Réaltra Andraiméide

réaltra bíseach laistigh den Ghrúpa Áitiúil

Réaltra bíseach is ea réaltra Andraiméide, agus é le feiceáil i réaltbhuíon Andraiméide. Tá an réaltra seo suite faoi 2.2 milliún solasbhliain dínn, agus is é an réaltra bíseach is gaire dúinn. Cé is moite de Bhealach na Bó Finne féin, is é an t-aon réaltra bíseach is féidir a aithint ar spéir na hoíche gan úsáid a bhaint as gléasra cianradhairc ar nós na ndéshúileach nó an teileascóip. Tá Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan le feiceáil chomh maith, ach ní réaltraí bíseacha iad. Ceann de réaltraí an Ghrúpa Áitiúil é. Is é an teileascóp is fearr a thabharfaidh léargas air, sin nó priontaí de ghrianghraif fhadnochta.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochRéaltra Andraiméide
Cineálréaltra bíseach, réaltra agus active galactic nucleus (en) Aistrigh
Cineál moirfeolaíochSA(s)b[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana964
EapainmAndraiméide
Réad linbh
RéaltbhuíonAndraiméide Cuir in eagar ar Wikidata
AoisJ2000.0 Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Fad ón Domhan0.82 Mpc [2] Cuir in eagar ar Wikidata
Deargaistriú−0.000677[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Ga110,000 ly Cuir in eagar ar Wikidata
Dearbhmhéid−21.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)3.44 (banda V)[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Mais800,000,000,000 M☉[5] Cuir in eagar ar Wikidata
Saobhdhiallas6 mas[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Dualghluaisne (diallas)−9 mas/y [7] Cuir in eagar ar Wikidata
Dualghluaisne (dronairde)−3.4 mas/y [7] Cuir in eagar ar Wikidata
Luas gathach−300 km/s[8] Cuir in eagar ar Wikidata
Dronairde (α)0h 42m 44.33s[9] Cuir in eagar ar Wikidata
Diallas (δ)41° 16′ 7.5″[9] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Grúpa Áitiúil, [TSK2008] 222 agus M31 Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóga réalteolaíochta
NGC224 Cuir in eagar ar Wikidata


De ghnách, sílimid gurb é lár an réaltra seo an réaltra ar fad, ach le fírinne, cumhdaíonn Andraiméide seacht leithead na lánré d'achar na spéire, agus 300,000 milliún réalta ann ar fad. Tá dhá réaltra bheaga shatailíteacha aige, mar atá M 32 agus NCG 205, iad araon infheicthe le teileascóp beag. Is é Réaltra Andraiméide an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, agus is é Bealach na Bó Finne is tánaiste dó.

Tá réaltra Andraiméide ag druidim isteach chugainn agus luas 300 ciliméadar in aghaidh an tsoicind (186 míle/soic.) faoi. Mar sin, tá sé ar an mbeagán réaltraí gormaistrithe ar an spéir. Má chuirtear gluaiseacht ár ngrianchórais féin taobh istigh de Bhealach na Bó Finn san áireamh, gheofar an toradh go bhfuil ár réaltra féin ag dul i dtreo Andraiméide agus luas 100 go 140 ciliméadar in aghaidh an tsoicind faoi (62–87 míle/soic.). Más é an t-imbhualadh atá i ndán don dá réaltra, titfidh sé amach i gceann trí mhíle milliun (109) bliain. Sa chás sin, ceaptar go rachfaidh an dá réaltra le chéile le haon réaltra mór éilipseach amháin a dhéanamh. Is minic a tharlaíonn an cineál seo eachtraí idir réaltraí atá suite sa ghrúpa áitiúil chéanna le chéile.

  1. Daniel Batcheldor (13 Lúnasa 2013). "An STIS atlas of Ca II triplet absorption line kinematics in galactic nuclei" (as Béarla) (3): 67. doi:10.1088/0004-6256/146/3/67. 
  2. "The Local Tully-Fisher relation for dwarf galaxies" (2017): 6–6. doi:10.3847/1538-3881/153/1/6. 
  3. Roger Davies (11 Aibreán 2000). "Streaming motions of galaxy clusters within 12 000 km s-1 -- I. New spectroscopic data" (as Béarla) (3): 469–490. doi:10.1046/J.1365-8711.2000.03251.X. 
  4. Armando Gil de Paz (Nollaig 2007). "The GALEX Ultraviolet Atlas of Nearby Galaxies" (2): 185–255. doi:10.1086/516636. 
  5. DOI: 10.1093/MNRAS/STY082.
  6. Ráite i: The General Catalogue of Trigonometric Stellar Parallaxes, Fourth Edition. Stated in source according to: SIMBAD. Leathanach: 0. Dáta foilsithe: 1995. Údar: William Foster van Altena.
  7. 7.0 7.1 Ulrich Bastian (1988). "PPM (Positions and Proper Motions) North Star Catalogue": 449. 
  8. "The observed properties of dwarf galaxies in and around the Local Group" (as Béarla) (5 Meitheamh 2012) (1): 4. doi:10.1088/0004-6256/144/1/4. 
  9. 9.0 9.1 Thomas H. Jarrett (Feabhra 2006). "The Two Micron All Sky Survey (2MASS)" (as Béarla) (2): 1163–1183. doi:10.1086/498708.