San ailtireacht, déanamh codanna foirgnimh nó an fhoirgnimh iomláin i monarcha nó áit éigin eile amach ón láithreán tógála. I sampla cáiliúil, is mar seo a thóg an t-ailtire Joseph Paxton an Pálás Criostail i Londain go tapa in 1851. Ach níor glacadh leis mar chleachtadh coitianta go dtí na 1920idí. Baineadh feidhm as go forleathan i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ach sa mheántéarma níor éirigh leis na tithe réamhdhéanta a tógadh sna 1950idi mar go raibh laigí struchtúrtha is sóisialta ag baint leo. Coitianta fós i gcás foirgnimh tionsclaíochta. Le blianta fada anois tugtar tógáil chórasach air.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réamhdhéanamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 554.