Réimsetheoiric chandamach

An chuid is forbartha den teoiric chandamach, ina sloinntear gach cáithnín damhna is gach cáithnín fórsa ina shuimeanna de thonnta sínis. Is gá an teoiric seo chun tuiscint a fháil ar na próisis ina gcruthaítear nó a milltear cáithníní (mar a tharlaíonn nuair a dhíothaíonn leictreoin is posatróin a chéile in imbhuailtí), agus úsáidtear í í bhfisic soladstaide is fisic na gcáithníní. Is réimsetheoiricí candamacha iad uile leictridinimic chandamach, crómaidinimic chandamach, agus teoiric Glashow-Weinberg-Salam.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réimsetheoiric chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.