Ba ríocht í Ríocht Navarre Bascais: Nafarroako Erresuma, Spáinnis: Reino de Navarra,Fraincis: Royaume de Navarre,Laidin: Regnum Navarrae), ar a dtugtar ar dtús Ríocht Phamplona, a bhí lonnaithe ar thailte ar dhá thaobh na bPiréiní, taobh leis an Aigéan Atlantach idir an Fhrainc agus an Spáinn, mar atá siad san am i láthair

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht Navarre
Reino de Navarra (es) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42°49′01″N 1°38′34″W / 42.816944444444°N 1.6427777777778°W / 42.816944444444; -1.6427777777778

PríomhchathairCathair Pamplona agus Navarreria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKingdom of Pamplona (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthúc. 1162
Díscaoileadh1841
Á leanúint agKingdom of Navarre beyond the Pyrenees (en) Aistrigh agus Ríocht Navarra (1512–1841) Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Ríocht Navarre nuair a toghadh nó a dearbhaíodh an taoiseach Bascach Íñigo Arista ina Rí ar Phamplona (go traidisiúnta sa bhliain 824) agus treoraigh sé éirí amach i gcoinne na bhFranc a bhí i réim sa réigiún riaracháin. Chloigh Coróin na Caistíle an chuid ó dheas den ríocht sa bhliain 1512 (go buan sa bhliain 1521), agus comhcheanglaíodh í isteach i Ríocht na Spáinne. D’fhan an chuid ó thuaidh den ríocht neamhspleách, ach chuaigh sí leis an bhFrainc trí aontais phearsanta sa bhliain 1589, nuair a fuair an Rí Anraí III de Navarre ríchathaoir na Fraince mar Anraí IV na Fraince, agus sa bhliain 1620 bhí sé comhcheanglaíodh í isteach i Ríocht na Fraince. Ghlac monarcaí an stáit aontaithe seo leis an teideal "Rí na Fraince agus Navarre" go dtí gur briseadh an rialtas sa bhliain 1792, agus arís i rith Athchóirithe na mBúrbónach ó 1814-1815 / 1815-1830.

Tagairtí cuir in eagar