Bhí Ríthe na nOsraí i gceannas ar ríocht na nOsraí (Meán-Ghaeilge Osraige), suite i n-oirdheisceart ná hÉireann, ón chéad nó dara haois AD go dtí an 12ú haois dhéanach le teacht na Normannaigh. Caomhnaítear roinnt ginealaigh ríoga na nOsraí, go háirithe Rawlinson B 502[1][2] (a rianaíonn Mhic Giolla Phádraig ar ais go dtí Aonghas Osraithe) agus ceann sa Leabhar Laighneach.[3][4]

Moltar trí anailís déanta le déanaí ar chomharbas ríoga sna hOsraí sa naoú agus deichiú haoiseanna that in amanna síochána, aistríodh an ríogacht go príomha ó dheartháir níos sine go níos óige, agus ansin trasna na nglúnta go mic agus nianna.[5]

Luath-ríthe na nOsraí cuir in eagar

Faightear na ríthe a leanas i ngach mórghinealach, ach tagann siar as réamhstair na nGael, agus is dócha go bhfuil suas fréamhaithe sa bhéaloideas.[6]

Ríthe na nOsraí go dtí 1103 cuir in eagar

Seo a leanas ginealach ríthe na nOsraí ó amanna stairiúil go dtí bás Ghiolla Pádraig Rua sa bhliain 1103, agus ina dhiaidh sin, tharla sa ríocht roinnt deighilte polaitiúla.[7]

Ríthe na nOsraí ó 1103 go dtí Ionradh na Normannach cuir in eagar

Tar éis bhás Giolla Phádraig Rua sa bhliain 1103, thóg dhá roinn bheaga a gcosa leo ó lár-ríoga na nOsraí: Maigh Lacha sa tuaisceart, i gceannas ag Uí Chaollaí; agus Deisceart Osraí, ó am go ham i gceannas ag baill iomaíocha Mac Giolla Pádraig.

  • Cerball (1103-c.1113)
  • Domnall mac Donnchada Mac Gilla Patráic (????-1113)
  • Finn Ua Caellaide (????-????), i gceannas go neamhspleách ar Chlár Maí Locha
  • Donnchad Balc mac Gilla Patráic Ruaid (tar éis 1119-1123). Is dócha an Donnchadh céanna a chuaigh in éineacht leis an Ardrí Toirdhealbhach Ó Conchúir agus Éanna Mac Murchadha, rí na Laighean, ar ruathair ar an Mumhain chun a cuid soláithrí bia a ghoid.[12]
  • Donnchad Dub (c.1121-c.1121)
  • Murchad Mac Murchada (c.1123-1126)
  • Conchobar mac Cerbaill (1123-c.1126)
  • Gilla Patráic mac Domnaill Mac Gilla Patráic (c.1126-1146). Mharaigh a ghaolta i bhfad amach, Uí Bhraonáin, é.[13]
  • Cerball mac Domnaill Mac Gilla Patraic (1146-1163)
  • Murchad Ua Caellaide (????-????)
  • Donnchad mac Gilla Patráic Mac Gilla Patráic (tar éis 1151-1162)
  • Domnall Mac Gilla Patraic (1162/63-1165)
  • Donchadh ua Donoghoe Mac Gilla Patráic (1162-1185). Dhallaigh sé Éanna Mac Murchadha, rídhamhna na Laighean.[14]
  • Diarmait Ua Caellaide (1170-1172). Tiarna Chlár Maí Locha, an chuid is sia ó thuaidh sna hOsraí
  • Maelseachlainn Mac Gilla Patráic (1185-1194)[15]

Ríthe na nOsraí óna Normannaigh go dtí na Túdair cuir in eagar

Níor imigh ríocht na nOsraí go hiomlán tar éis teacht na Normannach, cé gurbh i bhfad níos lú ab ea í. Chuir William Marshal amach iad as an chuid is mó den ríocht, ach bhíodh ríthe na nOsraí fós i réim sa tríú óthuaidh desna críocha. Ghlaoití sna hanála ar na tuamaí i gceannas anseo "Prionsaí Osraí", ríthe Osraí Uachtair nó Thuaidh, nó ríthe Sliabh Bladhma. Bhí siad fós neamhspleách ó Choróin na Sassana go dtí gur ghéill faoi dheireadh Barnaby McGillaPatrick sa bhliain 1539, agus sa bhliain 1541, thóg sé an teideal 1d Bharún Osraí Uachtarach.

Is éiginnte go minic é an taifead comharbais ón ré chorraitheach úd. Sa liosta a leanas, faightear b'fhéidir baill chumachtachta de ghéaga éagsúla an teaghlaigh. D'fhéadfadh é gur nó nár insealbhaíodh iad mar rí Osraí per se, ach glacadh iad in ainneoin sin mar rialtóir de facto nó ábhar oidhre, agus ar aon chuma bhí tagairt tuillte acu de réir na npannálaithe.[16]

Mac Giolla Phádraig Réimse Scéala
Donnell Clannagh fl. 1212-1219 Dúirt Edmund Campion gurbh ann "laoch nach raibh a shamhail de".[17]
Donnagh mac Anmchadh mac Donnogh bás 1249 Mhol na annálaithe é mar sárcheannaire agus namhaid neamhthrócaireach na Sasanach. Insítear gur thaiscéaladh sé airm na Sasanach faoi bréagriochtaí éagsúla.[18]
Jeffrey mac Donnell Clannagh bás 1269 "Rí Shliabh Bladhma"
Eochaghan (?) bás 1281
Mollachlyn (?) fl. 1286 D'íoc sé £6 leis an Choróin le haghaidh síochána sa bhliain 1286
Donnogh bás 1324 Ghair Éadbhard II ar "Thiarna na nOsraí" chun dul leis ar fheachtas san Albain
Donnell Duff (?) bás 1325 Maraithe ag a ghaolta féin
Donough mac Jeffrey bás 1329-30
Scanlan fl. 1333-6
Carroll bás 1345
Dermot fl. 1346 Rinne sé ionsaí ar an ngarastún Sasanach ag Achadh Bhó. Dódh an Mhainistir ar na gaobhair mar dhamáiste comhthaobhach sa bhliain 1346
Maelechlainn mac Jeffrey bás 1367
Finghin mac Cellach bás 1383 D'athbunaigh sé Mainistir Achadh Bhó dóite ar son na nDoiminiceach sa bhliain 1382
MGP bás 1396 "Tiarna Osraí"[19]
Finghin bás 1443 Tugadh "Rí Osraí" air sna hannála. Mharaigh é agus beirt dá mhic ar ordú MacRichard Bulter
Seaghan mac Finghin bás 1468 Adhlactha lena bhean chéile Caitríona, i dteannta lena mhac Brian agus a bhean chéilese Nóirín Uí Mhóir i nGráinseach na Fearta, faoi bhun altóir chloiche greanta le samhlacha Seáin agus a mhná chéile Caitríona i n-ardrilíf
Geoffrey mac Finghin bás 1489 Tugadh "Rí Osraí" agus "Tiarna Osraí" air; deartháir Sheáin. Bhain deartháir eile darbh ainm Finghin díoltas as dúnmharú a athar agus mac MacRichard Butler á mharú aige
Brian na Lúirech bás c. 1511 Tá roinnt ginealach suntasach ag Brian, a rianaíonn a shíolrú athartha siar go Cerball mac Dúnlainge
Brían Óg c.1485–1575 Rí dearanach na nOsraí. B'eisean an chéad mórthiarna na nGael a ghlac leis an polasaí Túdarach, mar a bhí "Géilleadh agus Athbhronnadh", agus rinneadh Barnaby Fitzpatrick, 1st Baron Upper Ossory de. Dá shliocht tá barúin agus iarlaí na nOsraí Uachtaraigh, agus barúin Bhaile an Chaisleáin

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • "Kings of Osraige, a. 842-1176", ll. 202-203, in "A New History of Ireland", imleabhar IX, eag. Byrne, Martin, Moody, 1984.
  • "The FitzPatricks of Ossory", T. Lyng, Old Kilkenny Review, Iml. 2, ui. 3, 1981.
  • Leabhar Laighneach, Reges Ossairge ar CELT: Corpus of Electronic Texts
  • "Kilkenny..." John Hogan/P.M. Egan, 1884
  • "The Encyclopaedia of Ireland", B. Lawlor, Gill & McMillan, 2003. ISBN 0-7171-3000-2

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ginealaigh ó Rawlinson B 502
  2. Íomhánna digiteacha de Rawlinson B 502, Oxford Bodleian Library. Ginealach Osraí ar fhóilió 70v
  3. Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála, ar CELT
  4. Reges Ossairg, 41 a (lch. 191),
  5. Jim Reid, Early Irish Regnal Succession: A Case Study
  6. "County Kilkenny Ireland - Rulers and Clans".
  7. Féach liostaí ríthe san Leabhar Laighneach agus i nAnnála Éireann éagsúla.
  8. ACM 582, AU 584, AT 584, AI 585.
  9. Medieval Ireland: An Encyclopedia, eag. Seán Duffy; Cerball mac Dúnlainge, iontráil le Clare Downham
  10. Annála Tiarnaigh, AT 1003.3
  11. AT 1039.7
  12. AT 1119.5
  13. AT 1146.3
  14. AT 1168.2
  15. ALC 1193.13, ACM 1194.6
  16. Carrigan, William (1905-01-01). "The history and antiquities of the diocese of Ossory" (as en). Sealy, Bryers & Walker. 
  17. Ware, Sir James (1809-01-01). "Ancient Irish Histories: The Works of Spencer, Campion, Hanmer, and Marleburrough" (as en). Hibernia Press. 
  18. Annála Chluain Mhic Nóis, 1249
  19. Annála Mhic Fhirbhisigh