Is grúpa eitneach Áiseach agus pobal Moslamach iad na Róihinsí (Rohingya). Is í Róihinsis a bpríomhtheanga.[1] Tá a dteanga agus a gcultúr féin acu agus tá siad lonnaithe i stát Rakhine in iarthar na tíre, Maenmar. Bhí milliún acu ann roimh 2017.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaRóihinsí

Cineálgrúpa eitneach agus grúpa daoine
Daonra iomlán1,712,000 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaRohingya (en) Aistrigh agus Beangáilis
CreideamhIoslam
Tíreolaíocht
StáitMaenmar, an Bhanglaidéis, an Mhalaeisia, an Phacastáin agus an Téalainn
leanaí

Tá na Róihinsí buailte faoi láthair ag ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan.

Léarscáil, stát Rakhine in iarthar na tíre
Na Róihinsí sa bhliain 2017 (Rohingya)

Seicteachas cuir in eagar

Is mionlach eitneach iad a ndearnadh foréigean ina gcoinne i Maenmar agus arbh éigean dóibh dul ar a dteitheadh.

Is é an Búdachas príomhchreideamh Mhaenmar. Is Moslamaigh iad na Róihinsí agus bíonn nimh san fheoil idir an dá phobal.[2] Níl cead vótála ag na Róihinsí agus níl saoránacht na tíre acu.

De réir na Náisiún Aontaithe, tá na Róihinsí ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Tá siad ag brath go mór anois sa Bhanglaidéis ar chúnamh dhaonnúil cosúil le bia agus bunriachtanais eile an tsaoil, tar éis dóibh an teorainn a thrasnú chun dídean a lorg. Tá thart ar 1,000,000 teifeach sa Bhanglaidéis in 2023, a mheastar.[3]

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 2000, scaoileadh James Mawdsley saor as príosún i Maenmar, an gníomhaí cearta daonna, maidir le muintir Róihinse srl.

Sa bhliain 2017, theith na céadta míle Róihinse, a raibh géarleanúint á déanamh orthu i Maenmar, thar teorainn go dtí an Bhanglaidéis. Gach lá sa bhliain sin, bhí na mílte acu ag teacht ar an Bhanglaidéis mar theifigh. Cuireadh glanadh eitneach i leith arm Mhaenmar .

Ceaptar gur cuireadh ar a laghad 10 000 díobh chun báis. Le linn na tréimhse seo, d'fhág 700 000 duine tar éis an tír, agus leathmhíle díobh siúd ina leanaí.[4]

Cáineadh ceannaire de facto na tíre ag an am, Aung San Suu Kyi go géar toisc nach ndearna sí tada chun na Róihinsí a chosc.[5] Cuireadh í faoi ghlas sa bhliain 2021.

Éire agus na Róihinsí cuir in eagar

Cúnamh Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na Róihinsí a theith ó stát Rakhine i Maenmar. Cuireann Cór Mearfhreagartha na hÉireann saineolaithe ar fáil i gcás ina bhfuil bearna scileanna ghearrthéarmach sna Náisiúin Aontaithe chun freagairt na heagraíochta sin ar ghéarchéim dhaonnúil a neartú.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Muintir Rohingya" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  2. Irish Independent (13 MF 2017). "Cé hiad an pobal Róihinse?". Dáta rochtana: 2018.
  3. "Rohingya Refugee Crisis Explained" (en). www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2023-11-12.
  4. Seán Kelly (2018). "www.europarl.europa.eu". Dáta rochtana: 2018.
  5. "NUACHT IDIRNÁISIÚNTA: Ní raibh sí ainnis ar fad ach bhí sí sách gránna: súil siar ar 2017" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-12-26). Dáta rochtana: 2023-11-12.
  6. "Mar - John Durcan ag obair leis an gClár Domhanda Bia sa Bhanglaidéis - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2023-11-12.