Rónán Mac Aodha Bhuí

craoltóir Éireannach

Fear mór ceoil agus teanga ba ea Rónán Mac Aodha Bhuí (a rugadh ar an 6 Bealtaine 1970 i gCorcaigh ach a tógadh i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair agus a d'éag ar 19 Meán Fómhair 2023).[1] Craoltóir le Raidió na Gaeltachta ba ea é idir na 1990idí - 2019. Craoladh an clár deireanach de Rónán Beo ar 31 Bealtaine 2019.[2] Cuimhneofar air mar chraoltóir cumasach agus cróga agus, b'fhéidir thar aon rud eile, mar dhuine a raibh an-nádúr ann.[3] 'A shuim i ndaoine, sa saol agus sa cheart, is ar na máithreacha sin a tógadh a réabhlóid ar an raidió.'[4][5]

Infotaula de personaRónán Mac Aodha Bhuí
Beathaisnéis
Breith6 Bealtaine 1970
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meán Fómhair 2023
53 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPobalscoil Ghaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
AthairFionntán Mac Aodha Bhuí
Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga

Gairm cuir in eagar

I 1987, nuair a bhí sé seacht mbliana déag, shocraigh Rónán ar aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath le tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg. Ansin thosaigh sé ag obair don stáisiún raidió neamhdhleathach NSCR sa chathair agus don stáisiún DCR i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine.[3] Thosaigh sé ag scríobh chomh maith don cholún Beoscéalta san Irish Press.

Chaith sé an bhliain 1988/89 ag obair le Century Radio mar léitheoir nuachta Gaeilge. Rinne sé roinnt iriseoireachta leis an bpáipéar nuachta Anois agus le .[3]

Agus é 20 bliain d'aois, chuir sé a chuid scileanna ag fónamh ar an chlár teilifíse Scaoil Amach an Bobailín de chuid RTÉ in 1990, in éindí le Bláthnaid Ní Chofaigh agus Seán Bán Breathnach.[6] D’oibrigh sé chomh maith ar an gclár Ecu Ecu, clár nuálach do dhaoine óga.

Raidió na Gaeltachta cuir in eagar

Tugadh ardán laethúil dó i 1993 nuair a thosaigh sé ag láithriú an chláir Cois Life ar Raidió na Gaeltachta, clár irise don ardchathair, ag obair i dteannta Sheosaimhín Ní Bheaglaoich. Chualathas den chéad uair na buanna a bhí aige  – an acmhainn ghrinn, an tsamhlaíocht dhiamhair, an ghéarchúis, an rógaireacht agus an dánaíocht.[6] Timpeall an ama seo, bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte, club gealtachais, agus d'eagraíodh sé féilte i nGaeltacht Ráth Chairn le Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath agus Chúige Laighean a thabhairt a chéile.

I 1997, d'fhill Rónán ar Ghaoth Dobhair agus thug sé faoin chlár Rónán Beo a chur i láthair ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga. Craoladh an clár deireanach de Rónán Beo ar 31 Bealtaine 2019.[2]

Thug Rónán ardán do cheoltóirí ar an raidió, a "thug guth dóibh agus a spreag gach sóirt ceoil.”[7] Bhí an-ghean ag lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta go háirithe ar Rónán agus bhí an-tóir acu ar na cláir a chuireadh sé i láthair de chionn chomh spraíúil, suáilceach agus nuálach agus a bhí sé.[3]

Gníomhaí cearta teanga cuir in eagar

Bhunaigh sé na Féilte Craiceáilte, a chuir siamsaíocht ar fáil uair sa mhí i nGaoth Dobhair agus a théadh ar camchuairt go dtí ceantair Ghaeltachta agus áiteanna eile. Bhí an Cabaret Craiceáilte á reáchtáil aige i nGaoth Dobhair.

Sna 2010idí, bhí Rónán mar chrann taca leis an ngluaiseacht cearta teanga ó thuaidh, go háirithe ag na Laethanta Dearga agus Dearg le Fearg.[8][9]

Pearsanta cuir in eagar

Ba mhac é le Fionntán Mac Aodha Bhuí (1924–2012), ailtire, pleanálaí agus gníomhaire teanga. Ba Rónán an duine is óige d'ochtar clainne.

Fuair sé a chuid scolaíochta i mBunscoil an Bhun Bhig agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Bhí páiste amháin aige.

Sa bhliain 2019, fuair Rónán amach go raibh ailse Staid a 3 sna putóga aige. In 2023, seoladh feachtas bailithe airgid le costas an leighis a ghlanadh.[10] I mí Feabhra 2023, bronnadh Gradam an Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ar Rónán in absentia [8]

Cuireadh é i Reilig Mhachaire Gathláin

Fuair Rónán bás in aois a thrí bliana déag agus dhá scór, ar 19 Meán Fómhair 2023. Cuireadh é i Reilig Mhachaire Gathláin. Dúirt Tomaí Ó Conghaile gurbh é Rónán Mac Aodha Bhuí ceannaire neamhoifigiúil phobal na Gaeilge.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Méabh Ní Thuathaláin (21 Feabhra 2023). "A sprioc €120,000 sáraithe ag feachtas bailithe airgid don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-23.
  2. 2.0 2.1 "Rónán Beo" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-04-25.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2023-09-18). "An craoltóir cáiliúil Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne" (as ga). 
  4. Seán Tadhg Ó Gairbhí (25 Aib 2023). "Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é – gig speisialta i mBaile Átha Cliath don sárchraoltóir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-25.
  5. Fachtna Ó Drisceoil (21 Meán Fómhair 2023). "Muidne go léir pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí – muidne a leac chuimhneacháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-21.
  6. 6.0 6.1 "Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-19). Dáta rochtana: 2023-09-19.
  7. Méabh Ní Thuathaláin (16 Feabhra 2023). "‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-23.
  8. 8.0 8.1 NÓS (2023-02-24). "Bronnfar Gradam Uachtarán CnaG ar Rónán Mac Aodha Bhuí" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
  9. Rónán Mac Aodha Bhuí (2015-01-11). "Cumhacht na gCos" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
  10. gofundme.com (2023). "Ciste Tacaíochta Rónáin, le Seamus Ó Briain" (ga-IE). gofundme.com. Dáta rochtana: 2023-03-23.