Ba bhanna rac-cheoil Meiriceánach iad R.E.M. Bunaíodh iad in Athens, Georgia sa bhliain 1980 le Michael Stipe (príomhamhránaí), Peter Buck (giotár), Mike Mills (dordghiotár), agus Bill Berry (drumaí agus cnagadh). Ba cheann de na chéad bhannaí rac malartach i mbéal an phobail iad R.E.M., agus tugadh aird orthu ar dtús mar gheall ar an stíl ghiotár airpéitseach ag Buck agus na gutha neamhshoiléir ag Stipe. Chuir R.E.M. amach a gcéad singil, "Radio Free Europe", i 1981 ar an lipéad ceirníní neamhspleách Hib-Tone. Lean an ceirnín breisithe Chronic Town i 1982, an chéad cheirnín ag an ghrúpa ar I.R.S. Records. Chuir an banna amach a gcéad albam, Murmur, i 1983, a bhí molta ag criticeoirí, agus chuir siad lena gcáil sna blianta ina dhiaidh mar thoradh de cheirníní eile, camchuairtí leanúnacha, agus tacaíocht ó raidió coláistí. I ndiaidh blianta ratha faoi chuim, bhí cnag cuilithe ag R.E.M. leis an singil "The One I Love" i 1987. Shínigh an banna le Warner Bros. Records i 1988, agus chuir siad tús le tacaíocht do chúiseanna pholaitiúla agus timpeallachta agus iad ag seinnt i láithreacha mhóra ar fud an domhain.

Bosca Sonraí EagraíochtaR.E.M.
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósrapid eye movement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhEanáir 1980, Athens, Georgia Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Michael Stipe, Mike Mills, Peter Buck agus Bill Berry Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte21 Meán Fómhair 2011 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1980 –  2011
Lipéad ceoilWarner Records
Concord Bicycle Music (en) Aistrigh
New West Records
Hib-Tone (1981–1981)
I.R.S. Records (1982–1988)
Warner Bros. Records (1988–) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach, college rock (en) Aistrigh, jangle pop (en) Aistrigh agus rac-cheol tíre Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Saothar suntasach
Stiúrthóir/bainisteoirJefferson Holt (1981–1996)
Bertis Downs IV (1996–2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinremhq.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1032121 Facebook: REMhq Twitter: remhq Instagram: rem Youtube: UC7eaRqtonpyiYw0Pns0Au_g Bandcamp: remhq Souncloud: remhq Spotify: 4KWTAlx2RvbpseOGMEmROg iTunes: 311145 Last fm: R.E.M. Musicbrainz: ea4dfa26-f633-4da6-a52a-f49ea4897b58 Songkick: 220219 Discogs: 74500 Allmusic: mn0000325459 Deezer: 129 Cuir in eagar ar Wikidata

Nuair a bhí rath cuilithe ag bannaí rac malartach don chéad uair, sna luath-nóchaidí, cuireadh R.E.M. san áireamh mar cheannródaí an seánra, agus chuir siad amach an dá albam is rathúla go tráchtála acu, Out of Time (1991) agus Automatic for the People (1992). Chlaon an dá albam sin ó fhuaim bhunaithe an bhanna. D'fhill an banna ar fhuaim rac leis an albam Monster i 1994. Chuir siad tús lena gcéad chamchuairt i gceann sé bliana chun an albaim a thacú; loiteadh an chamchuairt de dheasca éigeandálaí leighis a bhí ag trí bhall an ghrúpa. Athshínigh R.E.M. i 1996 le Warner Bros. do US$80 milliún, an conradh taifeadta is costasaí riamh ag an am. D'fhág Bill Berry an banna an chéad bhliain eile go síochánta, agus lean Buck, Mills, agus Stipe ar aghaidh mar bhanna trípháirteach. Lean R.E.M. ar aghaidh sa chéad deich mbliana eile, ag athrú a stíl cheoil, agus le rath measctha go tráchtála agus go léirmheastach. Ionduchtaíodh an banna isteach sa Rock and Roll Hall of Fame i 2007.

Stair cuir in eagar

Bunú: 1980-1981 cuir in eagar

I Mí Eanáir 1980, bhuail Michael Stipe le Peter Buck sa siopa ceirníní in Athens inar obair Buck. Fuair an bheirt amach go raibh a mblas ceoil cosúil le chéile, go háirithe an punc-rac agus an prótaphunc, Patti Smith, Television agus The Velvet Underground ina measc. Dúirt Stipe, "Tharla go raibh mé ag ceannach na ceirníní ar fad a bhí [Buck] ag sábháil dó féin."[1] Bhuail Stipe agus Buck le Mike Mills agus Bill Berry, comhmhic léinn san University of Georgia, gan mhoill ina dhiaidh sin.[2] Sheinn an bheirt sin ceol le chéile ó nuair a bhí siad in Ardscoil.[3] D'aontaigh an ceathrar dul i gcomhar le chéile ar roinnt amhrán; dúirt Stipe níos moille "Ní raibh scéim mhór riamh taobh thiar de." ".[1] Chaith a mbanna, fós gan ainm, roinnt míonna ag cleachtadh agus sheinn siad a gcéad sheó ar 5ú Aibreáin 1980 ag cóisir lá breithe cara leo, in eaglais Easpagóideach athchóirithe. Smaoinigh an banna ar ainmneacha ar nós "Twisted Kites", "Cans of Piss", agus "Negro Wives", ach rinne siad cinneadh ar "R.E.M.", a roghnaigh Stipe go fánach ó fhoclóir.[4]

D'éirigh baill an bhanna as an ollscoil sa deireadh chun a n-aird a dhíriú ar a ngrúpa forbartha.[5] D'aimsigh siad bainisteoir, Jefferson Holt, úinéir siopa ceirníní ó Chapel Hill, Carolina Thuaidh. Chuaigh ceolchoirm R.E.M. ina bhaile féin chomh mór i bhfeidhm air, bhog sé go Athens.[6] Bhí rath go láithreach beagnach ag R.E.M. in Athens agus sa cheantar mórthimpeall; mhéadaigh na sluaite ag a gceolchoirmeacha go seasta, rud a bhí cúis le roinnt faltanais i saolréim ceoil Athens.[7] Bhí R.E.M. ar chamchuairt le linn na bliana go leith i ndiaidh sin ar fud Deisceart na Stáit Aontaithe. Bhí sé an-doiligh don bhanna ar an chamchuairt mar ní raibh cuairt do ghrúpaí malartacha ag an am. Bhí ar an bhanna an chamchuairt a dhéanamh i seanveain ghorm, tiomáinte ag Holt, agus mhair baill an ghrúpa ar liúntas bia $2 in aghaidh an lae.[8]

Le linn an tsamhraidh 1981, thaifead R.E.M. a gcéad singil, "Radio Free Europe", i stiúideo carrsheirbhíse an léiritheora, Mitch Easter, i Winston-Salem, Carolina Thuaidh. Cuireadh an singil amach ar an lipéad ceirníní neamhspleách áitiúil Hib-Tone. Bhí míle cóip sa chéad chomhdhlúthú, agus díoladh an deireadh iad go tapa.[9] In ainneoin an comhdhlúthú teoranta, bhí an singil molta ag léirmheastóirí, agus luaigh an New York Times í mar cheann de na deich singil is fearr sa bhliain.[10]

Ceirníní I.R.S. agus rath cultais: 1982-1986 cuir in eagar

Thaifead R.E.M. an ceirnín breisithe Chronic Town le Mitch Easter i Mí Dheireadh Fómhair 1981, agus bhí sé ar intinn acu é a chuir amach ar lipéad neamhspleách nua darbh ainm Dasht Hopes.[11] Fuair I.R.S. Records cóip thaispeáinte den chéad seisiún taifeadta ag an bhanna le Easter, áfach, cóip a bhí ag scaipeadh ar feadh míonna.[12] Dhiúltaigh an banna airleacan ón lipéad mór RCA Records, agus shínigh siad conradh le I.R.S. i Mí na Bealtaine 1982. Chuir I.R.S. amach Chronic Town i Mí Lúnasa na bliana sin mar a gcéad éisiúint i Meiriceá.[13] Mhol léirmheas NME an cheirnín an t-atmaisféar rúndiamhair ag na hamhráin, agus chríochnaigh siad, "Tá sé go hiontach rud chomh neamhéigeantach agus chomh cleasach seo a chloisteáil."[14]

Phéireáil I.R.S. R.E.M. le léiritheoir Stephen Hague ar dtús chun a gcéad albam a thaifeadadh. Ní raibh an banna sásta leis an bhéim a chur Hague ar fhoirfeacht teicniúil, agus d'iarr baill an bhanna ar I.R.S. an taifeadadh a dhéanamh le Easter.[15] Cheadaigh I.R.S. seisiún "tástála," agus d'fhill an banna ar Carolina Thuaidh. Thaifead siad an t-amhrán "Pilgrimage" ansin le Easter agus comhpháirtí taifeadta Don Dixon. Nuair a d'éist siad leis an rian, thug I.R.S. cead don ghrúpa an t-albam a thaifeadadh le Dixon agus Easter.[16] Mar gheall ar a ndrocheachtra le Hague, thaifead an banna an t-albam trí mhodh frithoibríochta; dhiúltaigh siad clíséanna an rac-cheoil, ar nós aonréid ghiotáirsíntéiseoirí, a bhí coitianta ag an am, a chur ina gceol, chun mothú suthain a chur air. Moladh an t-albam críochnaithe, Murmur, go hard ag léirmheastóirí nuair a cuireadh é amach i 1983, agus d'ainmnigh Rolling Stone é mar a n-albam na bliana.[17] Shroich an t-albam uimhir 36 ar an chairt albam Billboard.[18] Ba leagan ataifeadadh "Radio Free Europe" an príomhshingil, agus shroich sé uimhir 78 ar an chairt singlí "Billboard" i 1983. In ainneoin an moladh a tugadh don albam, níor díoladh ach 200,000 cóip Murmur, méid a bhí níos lú ná mar a bhí Jay Boberg ó I.R.S. ag brath air.[19]

Bhí R.E.M. ar theilifis náisiúnta don chéad uair ar Late Night with David Letterman i Mí Dheireadh Fómhair 1983,</ref>[20] agus sheinn siad amhrán nua neamhainmnithe le linn an chláir.[21] Cuireadh an teideal "So. Central Rain (I'm Sorry)" ar an amhrán sa deireadh, agus ba é an chéad singil óna ndara halbam, Reckoning (1984), a bhí taifeadta le Easter agus Dixon chomh maith. Mholadh an t-albam go léirmheastach; scríobh Mat Snow ó NME "dearbhaíonn Reckoning gur R.E.M. ceann de na grúpaí is corraithí agus is iontaí ar an phláinéad."[22] Cé gur shroich Reckoning uimhir 27 ar an chairt albam sna Stáit Aontaithe—i bhfad níos airde ná bunús na bannaí rac-choláistí ag an am—ní raibh sé níos airde ná uimhir 91 sa Bhreatain, de dheasca dáilte uireasaigh agus easpa ama ar an raidió.[23]

 
Michael Stipe (ar chlé) agus Peter Buck (ar dheis) ar an ardán i nGhent, an Bheilg, le linn an chamchuiart 1985 ag R.E.M.

D'athraigh an banna a dtreo lena dtríú halbam, Fables of the Reconstruction (1985). Roghnaigh R.E.M. Joe Boyd, fear a d'obair le Fairport Convention agus Nick Drake, mar léiritheoir in áit Dixon agus Easter, agus thaifead siad é i Sasana. Bhí na seisiúin níos doilí ná mar a shíl baill an bhanna go mbeidh siad, agus bhí siad dearóil mar gheall ar dhoineann an gheimhridh agus drochbhia;[24] bhí an banna ar tí cliste mar thoradh na gcúrsaí.[25] Tháinig comhthéacs an albaim ó ghruaim na seisiún sa deireadh. Chruthaigh Stipe snáitheanna scéil i stíl mhiotaseolaíocht an deiscirt; luaigh sé in agallamh i 1985 gur ghlac sé spreagadh ón "smaoineamh ar seanfhir ina suí cois tine, ag seachadadh ... finscéalta agus fabhalscéalta ar an chlann clainne."[26] Díoladh níos mó cóipeanna Fables of the Reconstruction ná ceirnín ar bith eile a bhí curtha amach ag I.R.S. i Meiriceá go dtí an pointe sin. Ní raibh rath mór ag an cheirnín san Eoraip, áfach, agus bhí glacadh measctha aige go léirmheastach; shíl roinnt criticeoirí go raibh sé duairc agus taifeadta go dona.[27] Mar aon leis na ceirníní roimhe sin, thug raidió na cuilithe neamhaird ar shinglí an albaim. Bhí leisce ar an bhanna rath cuilithe a fháil, rud a bhí ag cur frustrachas ar I.R.S.[28]

Fuair R.E.M. Don Gehman dona gceathrú halbam, fear a léiriú saothair John Mellencamp. Bhí guth Stipe níos gaire do thús cadhnaíochta an cheoil sa toradh, Lifes Rich Pageant (1986). Dúirt Peter Buck in agallamh leis an Chicago Tribune i 1986, "tá Michael ag éirí níos fearr sna rudaí atá sé ag déanamh, agus tá a mhuinín ag méadú. Agus sílim go dtaispeántar sin sa teilgean a ghutha."[29] Bhí díolacháin an albaim i bhfad níos fearr ná Fables of the Reconstruction, agus shroich sé uimhir 21 ar an chairt albam Billboard. Thug raidió na cuilithe tacaíocht don singil "Fall on Me" chomh maith.[30] Ba é Lifes Rich Pageant an chéad albam ór ag an banna, mar díoladh níos mó ná 500,000 cóip i Meiriceá.[31] Cé go raibh tacaíocht R.E.M bunaithe ar raidió na gcoláistí Meiriceánach fós, bhí an banna ag fáil cnaga ar raidió na cuilithe don chéad uair; bhí frithbheart ó raidió rogha 40 na cairte fós, áfach.[32] I ndiaidh dea-thoradh Lifes Rich Pageant, chuir I.R.S. Dead Letter Office amach, díolaim amhrán a bhí taifeadta ag an bhanna le linn a seisiún albam. Bhí cuid mhór na rianta eisithe mar thaobhanna-B, nó neamheisithe roimhe sin. Gan mhoill ina dhiaidh sin, theaglamaigh I.R.S. físeáin cheoil R.E.M. (seachas "Wolves, Lower") agus chuir siad iad amach mar an chéad éisiúint fhíseán ag an bhanna, Succumbs.

Rath na hurfhuascailte: 1987-1993 cuir in eagar

Ní raibh Don Gehman in ann an cúigiú halbam R.E.M. a léiriú, agus chomhairligh sé Scott Litt dóibh.[33] Léireoidh Litt an chéad chúig albam eile ag an bhanna. Bhí cuid de na liricí pholaitiúla is soiléire ag Stipe ar Document (1987), go háirithe ar "Welcome to the Occupation" agus "Exhuming McCarthy, freagairtí ar an atmaisfeár polaitiúil coimeádach sna S.A.M. sna hochtóidí faoi uachtaránacht Ronald Reagan.[34] Scríobh John Pareles ina léirmheas an albaim sa New York Times, "tá Document muiníneach agus ládasach; má tá R.E.M. ar tí bogadh ó stádas banna cultais go gnaoi na coitiantachta, forógraíonn an t-albam go rachaidh an banna ansin ar breith a mbéil féin."[35] Ba albam urfhuascailte é Document do R.E.M., agus shroich an chéad singil, "The One I Love", rogha 20 na cairte sna S.A.M., sa Bhreatain, agus i gCeanada.[18] I Mí Eanáir 1988, ba é Document an chéad albam ag R.E.M. a díoladh milliún cóip.[36] Mar thoradh d'urfhuascailt an bhanna, dhearbhaigh clúdach Rolling Stone i Mí na Nollag 1987 gurb é R.E.M. "An banna rac is fearr i Meiriceá."[37]

D'fhag R.E.M. I.R.S. nuair a bhí a gconradh caite, mar níor dháil siad a gceirníní thar sáile go sásúil, agus shínigh siad leis an lipéad mór Warner Bros. Records.[38] Chuir I.R.S. amach an díolaim Eponymous i 1988. Bhí bunús singlí an bhanna ar an cheirnín, chomh maith le roinnt amhráin annamha. Thaifead an chéad albam an bhanna le Warner Bros., Green (1988), i Nashville, Tennessee, agus léirigh sé an grúpa ag baint tástála lena bhfuaim.[39] Bhí rianta an albaim sa réimse ón chéad singil, an t-amhrán teann "Stand" (cnag mór i Meiriceá),[40] go hábhair níos polaitiúla, ar nós an t-amhrán rac "Orange Crush" faoin Chogadh Vítneam, agus "World Leader Pretend," faoin Chogadh Fhuar.[41] Tá 4 mhilliún cóip Green díolta ar fud na cruinne.[42] Thacaigh an banna an t-albam lena gcamchuairt is mó agus is forbartha go hamharcach; bhí teilgin agus scannáin ealaíne ar an ardán.[43] I ndiaidh an chamchuairt Green, rinne baill an bhanna cinneadh neamhoifigiúil sos a thabhairt ar feadh na chéad bhliana eile, an chéad sos fada i stair an bhanna.[44] Tháinig R.E.M. le chéile arís i lár 1990 chun a seachtú n-albam, Out of Time, a thaifeadadh. Bhí an stíl cheoil ag an bhanna ar an albam seo an-difriúil óna n-albaim roimhe sin, mar chum baill an bhanna amhráin le ionstraimíocht neamhthraidisiúnta do rac-cheol, maindilíní, orgáin, agus giotáir fuaimiúla ina measc.[45] Cuireadh Out of Time amach i Mí an Mhárta 1991, agus ba é an chéad albam R.E.M. ar bharr na cairteacha sna S.A.M. agus sa Bhreatain.[18] Díoladh 4.2 milliún cóip an albaim sna Stáit Aontaithe amháin,[46] agus 12 mhilliún cóip ar fud na cruinne go dtí 1996.[42] Ba chnag domhanda í "Losing My Religion", príomhshingil an albaim, agus casadh í go rialta ar raidió agus ar MTV.[47] Ba í "Losing My Religion" an singil is airde ar na cairteacha ag an bhanna sna S.A.M., agus shroich sí uimhir a ceathair ar an chairt Billboard.[18] "Ní raibh mórán eachtraí athraithe saoil inár slí beatha mar gheall ar chomh dréimreach is a bhí ár slí beatha" arsa Mills blianta ina dhiaidh. "Más maith leat bheith ag labhairt faoi eachtraí athraithe saoil, sílim gur 'Losing My Religion' an ceann is gaire."[48] Ba chnag mhór í an dara shingil, "Shiny Happy People" (ceann de na trí amhrán ar an cheirnín le guth Kate Pierson ó The B-52's, banna Athens eile), agus shroich sé uimhir 10 sna S.A.M. agus uimhir a sé sa Bhreatain.[18] Chruinnigh Out of Time seacht n-ainmniúchán do R.E.M. ag bronnadh na nduaiseanna Grammy i 1992, an méid ainmniúchán is mó ag ealaíontóir ar bith sa bhliain sin. Bhain an banna trí dhuais: an t-Albam Ceoil Mhalartaigh is Fearr, agus dhá cheann do "Losing My Religion", an Físeán Ceoil Ghearr is Fearr, agus an Taispeáint Popcheoil is Fearr le Beirt nó Grúpa le Guth.[49] Níor chuaigh R.E.M. ar camchuairt chun Out of Time a chur chun cinn; sheinn siad sraith seónna aonánach ina háit, taispeáint a bhí taifeadta do MTV Unplugged ina measc.[50]

D'fhill R.E.M. chuig an stiúideo i 1991, i ndiaidh roinnt míonna saoire, chun a gcéad albam eile a thaifeadadh. Chuir siad amach Automatic for the People i ndeireadh 1992. Cé go raibh sé ar intinn ag an bhanna albam níos crua a dhéanamh i ndiaidh innigh bhoig Out of Time,[51] bhí Automatic for the People dubhach sa deireadh, dúirt Melody Maker gur "bhog [sé] i sraoilleadh níos cráite fós".[52] Bhí an t-albam ag baint le téamaí caillte agus dobróin, a bhí spreagtha leis an "mothú ... [go bhfuil] tríocha bliain thairis agat," dar le Buck.[53] Bhí cóiriúchán téad déanta ag iardhordghiotáraí Led Zeppelin John Paul Jones ar roinnt amhrán. I mbarúlacha neart léirmheastóirí (chomh maith le Buck agus Mills), is é an t-albam is fearr ag an bhanna.[54] Shroich Automatic for the People uimhir 1 ar chairt na Breataine, agus uimhir 2 i Meiriceá; bhí trí shingil ón albam i rogha 40 na cairte Meiriceánaí chomh maith, "Drive", "Man on the Moon", agus "Everybody Hurts".[18] Díoladh ionann agus deich milliún cóip an albaim ar fud na cruinne.[42] Mar aon le Out of Time, ní dheachaigh an banna ar camchuairt chun an albaim a thacú. Mar thoradh den chinneadh seo, agus an chuma fhisiciúil a bhí ar Stipe, thosaigh luaidreáin go raibh an amhránaí ag fáil bháis; shéan an banna iad go tréan.[52]

Monster agus New Adventures in Hi-Fi: 1994-1996 cuir in eagar

I ndiaidh dhá albam faoi shiúl mall, ba "cheirnín 'rac', leis an rac i gcomharthaí athfhriotail" é Monster, dar le Buck. I gcodarsnacht leis na halbaim roimhe, bhí giotáir fhiartha, easpa fordhubála, agus blas glam-rac na 1970í sa cheol Monster.[55] Mar aon le Out of Time, bhí Monster i marr na cairte i Meiriceá agus sa Bhreatain.[18] Díoladh ionann agus naoi milliún cóip an albaim ar fud an domhain.[42] Ba iad "What’s the Frequency, Kenneth?" agus "Bang and Blame" an dá shingil dheireanacha ag an bhanna i rogha 40 na cairte Meiriceánaí, cé go raibh gach singil ón albam i rogha 30 na cairte Briotanaí.[18]

I mí Eanáir 1995 chuir R.E.M. tús lena gcéad chamchuairt i gceann sé bliana. Ba rath mór í an chamchuairt go tráchtála, ach ba sheal doiligh é don ghrúpa.[56] Ar 1ú Márta, thit Berry i meirfean ar an ardán i Lausanne, an Eilvéis. Tharla sé go raibh ainéaras inchinne air. Cuireadh é faoi scian gan mhoill, agus tháinig sé chuige féin go hiomlán i gceann míosa. Níorbh ainéaras Berry ach tús sraith fadhbanna sláinte a shuaitheadh an chamchuairt Monster. Rinneadh obráid bhoilg ar Mills i Mí Iúil chun greamán stéige a bhaint; mí i ndiaidh sin, bhí obráid éigeandála déanta ar Stipe chun maidhm sheicne a dheisiú.[57] I ainneoin na bhfadhbanna a bhí acu, bhí bunús albaim nua thaifeadta ag an ghrúpa agus iad ar an bhóthar. Thug an banna taifeadáin ocht-rian leo chun na gceolchoirmeacha agus na dtástálacha fuaime a thaifeadadh, agus bhain siad úsáid astu mar bhonn an albaim.[58]

Athshínigh R.E.M. le Warner Bros. Records i 1996 do US$80 milliún, an conradh taifeadta is costasaí riamh ag an am.[59] Bhí New Adventures in Hi-Fi (1996) sa dara háit ar an chairt Mheiriceá agus i mbarr cairte na Breataine ar dtús,[18] ach níor díoladh ach cúig mhilliún cóip an albaim sa deireadh, cúlú ón rath a bhí ag an ghrúpa sa chúig bliana roimhe sin.[60] Mhaígh an scríbhneoir Time go raibh díolacháin an albaim níos lú ná na halbaim roimhe mar bhí cumhacht tráchtála an rac malartach san iomlán ag meath.[61] Sa bhliain chéanna, scar R.E.M. lena mbainisteoir Jefferson Holt; bhí sé ina scéal reatha gur tharla sin mar thoradh de chúisimh gnéaschiaptha a bhí curtha roimhe ag ball oifig bhaile an bhanna in Athens.[62] Chuaigh dlíodóir an ghrúpa, Bertis Downs, i mbun bainisteoireachta.

Imeacht Berry agus Up: 1997-2000 cuir in eagar

 
Stipe ar an Fhéile Glastonbury i 1999

Tháinig an banna le chéile i dteach saoire Buck i Kauai, Hawaii, chun taispeánta a thaifeadadh don chéad albam eile. Bhí sé ar intinn ag an bhanna a bhfuaim a athchruthú, le lúba drumaí agus tástálacha cnaguirlisí san áireamh.[63] Go díreach nuair a bhí na seisiúin ag tosú i nDeireadh Fómhair, d'inis Berry do bhaill eile an bhanna, i ndiaidh míonna athmhachnaimh agus díospóireachtaí le Downs agus Mills, go raibh sé ag éirí as an ghrúpa.[64] Dúirt Berry leo nár éirigh sé as an bhanna dá scoirfidís mar thoradh, agus d'aontaigh Stipe, Mills agus Buck leanúint mar bhanna trípháirteach, le beannacht Berry.[65] D'fhógair Berry a n-imeacht go poiblí trí seachtaine níos moille. Dúirt Berry leis na meáin, "Níl ann ach nílim chomh tógtha leis seo a dhéanamh agus a bhínn roimhe seo ... tá an post is fearr sa domhan agam. Ach táim sásta anois suí siar agus machnamh a dhéanamh agus b’fhéidir nach bheith i mo phop-réalt go fóill."[63] D'admhaigh Stipe go mbeadh an banna difriúil gan rannpháirtí mór: "Domsa, do Mike agus do Peter, mar R.E.M., an R.E.M. muid fós? Measaim gur madra fós madra tríchosach. Níl ann ach ní mór dó rith go difriúil."[65]

Chuir an banna a seisiúin thaifeadadh sceidealaithe ar ceal mar thoradh den imeacht Berry. "Gan Bill, bhí sé difriúil, mearbhlach," a dúirt Mills blianta ina dhiaidh. "Ní raibh a fhios againne cad a dhéanamh go díreach. Níor fhéidir linn cleachtadh a dhéanamh gan dhrumadóir."[66] Chuaigh na baill R.E.M. fágtha ag obair arís i Mí Feabhra 1998 i Toast Studios i San Francisco.[67] Chuir an banna deireadh lena gcomhoibriú le Scott Litt, a mhair deich mbliana, agus d'fhostaigh siad Pat McCarthy chun an cheirnín a taifeadadh. Fostaíodh Nigel Godrich mar léiritheoir cúnta, agus d'obair iarbhall Screaming Trees Barrett Martin agus drumadóir camchuairte Beck Joey Waronker. Bhí na seisiúin ciaptha le teannas, agus bhí an grúpa láimh le scaoileadh. D'eagraigh Bertis Downs cruinniú éigeandála; shocraigh baill an bhanna a bhfadhbanna, agus d'aontaigh siad go leanfaidís ar aghaidh mar ghrúpa.[68] Ba í "Daysleeper" an chéad singil ón albam Up (1998), a bhí i rogha 10 na cairte ar dtús i Meiriceá agus i mBreatain. Ba theip choibhneasta an t-albam, áfach; níor díoladh ach 900,000 cóip i lár 1999 sna Stáit Aontaithe, agus níor díoladh ach dhá mhilliún cóip ar fud na cruinne sa deireadh.[46] Nuair a bhí díolacháin R.E.M. ag meath i Meiriceá, bhí bonn tráchtála an bhanna ag bogadh chun na Breataine, tír inar díoladh níos mó ceirníní R.E.M. in aghaidh an duine ná i dtír ar bith eile agus tír ina raibh singlí R.E.M. i rogha 20 na cairte go rialta.[69]

Bliain i ndiaidh eisiúint Up, chum R.E.M. an scór ionstraime don scannán beathaisnéiseach Andy Kaufman Man on the Moon, an chéad rud dá gcineál don ghrúpa. Tháinig teideal an scannáin ón amhrán Automatic for the People darbh ainm céanna.[70] Cuireadh an t-amhrán "The Great Beyond" amach mar shingil ón albam fuaimrian Man on the Moon. Níor shroich "The Great Beyond" ach uimhir 57 ar an phop-chairt Mheiriceánach, ach ba í an singil is airde ag an bhanna ar chairt na Breataine; shroich sé uimhir a trí i 2000.[18]

Reveal agus Around the Sun: 2001–2005 cuir in eagar

Thaifead R.E.M. bunús an dara halbam déag acu, Reveal (2001), i gCeanada agus in Éirinn ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair 2000.[71] Bhí an "siúl doilíosach" céanna ag Reveal mar a bhí ag Up;[72] bhí drumadóireacht Joey Waronker ar an albam, agus bhí lámh ag Scott McCaughey (comhbhunaitheoir an bhanna The Minus 5 le Buck) agus bunaitheoir na Posies Ken Stringfellow chomh maith. Díoladh níos mó ná ceithre mhilliún cóip an albaim ar fud an domhain, ach sna Stáit Aontaithe níor díoladh ach an méid cóipeanna céanna is a bhí ag Up.[73] Ba í "Imitation of Life an chéad singil, agus shroich sé uimhir a sé sa Bhreatain.[74] Rinne an tOirmhinneach Al Friston, agus é ag scríobh do Rock's Backpages, cur síos ar an albam ná "lán le sáráilleacht i ngach cor agus casadh," i gcodarsnacht lena "n-obair gan mórán dealraimh, go bunúsach, ar New Adventures in Hi-Fi agus Up."[75] Ar an chuma chéanna, scríobh Rob Sheffield sa Rolling Stone gur "atosú spioradálta, bunaithe ar atosú ceolmhar" é Reveal, agus mhol sé a "háilleacht iontach go buan"[76]

I 2003, chuir Warner Bros. amach an albam díolama [[[In Time: The Best of R.E.M. 1988-2003]], le dhá amhrán nua, "Bad Day" agus "Animal" ina mheasc. Sa bhliain chéanna, ba mhór an ábhar iontais é nuair a tháinig Bill Berry ar an láthair le linn ceolchoirme R.E.M. i Raleigh, Carolina Thuaidh. Chan sé gutha tacaithe ar "Radio Free Europe", agus ansin sheinn sé na drumaí ar "Permanent Vacation", amhrán luath de chuid R.E.M.; bá í an chéad taispeáint aige leis an bhanna i ndiaidh a scoir.[77]

Chuir R.E.M. Around the Sun amach i 2004. Le linn léiriú an albaim i 2002, dúirt Stipe, "tá glór ag an albam go bhfuil sé ag imeacht ón chúpla albam roimhe seo isteach i raon R.E.M. anaithnid. Sórt bunúsach agus uallach."[78] I ndiaidh éisiúint an albaim, dúirt Mills, "sílim, go hionraic, go raibh sé beagán níos moille sa deireadh ná mar a bhí ar intinn acu, i dtéarmaí luas na hamhráin san iomlán."[79] Bhí glacadh measctha ag Around the Sun go léirmheastach, agus ní raibh sé níos airde ná uimhir 13 ar an chairt Billboard.[80] Bhí an chéad singil ón albam, "Leaving New York", i rogha 5 na cairte sa Bhreatain.[81] D'fhostaigh an banna drumadóir camchuairte lánaimseartha nua, Bill Rieflin, a bhí ina bhall de Ministry roimhe sin, don cheirnín agus an chamchuairt ina dhiaidh. Chuaigh R.E.M. ar an chamchuairt Vote for Change i ndeireadh 2004 le Bruce Springsteen, Pearl Jam, Bright Eyes agus grúpaí eile. Le linn 2005, bhí an banna ar an chéad chamchuairt an domhain acu ón chamchuairt Monster deich mbliana roimhe sin. Bhí R.E.M. páirteach sa Live 8 i Londain i rith na camchuairte.

Accelerate: 2006–2011 cuir in eagar

Chuir EMI, ar leo an chatalóg I.R.S., amach albam díolama a chuimsigh saothar R.E.M. le linn na mblianta a chaith siad ar an lipéad darbh ainm And I Feel Fine... The Best of the I.R.S. Years 1982-1987 i 2006. Cuireadh amach an DVD When the Light Is Mine: The Best of the I.R.S. Years 1982-1987 ag an am chéanna. I Meán Fómhair na bliana sin, sheinn an ceathrar baill an bhanna ó thús le chéile dona n-ionduchtú isteach sa Georgia Music Hall of Fame.[82] Agus iad ag cleachtadh don deasghnáth, thaifead an banna clúdach "#9 Dream" le John Lennon do Instant Karma: The Amnesty International Campaign to Save Darfur, albam ómóis do thairbhe Amnesty International.[83] Ba é an t-amhrán, curtha amach mar shingil don albam agus don fheachtas, an chéad taifeadadh ag an bhanna le Bill Berry óna himeacht beagnach deich mbliana roimhe sin.[84] Ainmníodh R.E.M. d' ionduchtú sa Rock and Roll Hall of Fame sa Deireadh Fómhair 2006, an chéad bhliain agus iad inainmnithe.[85] Glacadh an banna isteach sa Halla in éineacht le ceithre ainmnitheach eile sa bhliain sin ag an deasghnáth ionduchtaithe sa Waldorf-Astoria Hotel i Nua Eabhrac ar an 12ú Márta 2007. D'ionduchtaigh Eddie Vedder, príomhamhránaí le Pearl Jam, an grúpa isteach sa Halla, agus sheinn siad ceithre amhrán le Bill Berry.[86]

Thosaigh obair ar an ceithre albam déag ag an bhanna i dtosach 2007. Thaifead an grúpa leis an léiritheoir Jacknife Lee i Vancouver agus i mBaile Átha Cliath, áit inar sheinn siad cúig sheó san Amharclann Olympia idir 30ú Meitheamh agus 5ú Iúil mar "cleachtadh oibrithe".[87] Cuireadh R.E.M. Live, an chéad albam beo ag an bhanna (ó cheolchoirm i mBaile Átha Cliath i 2005), amach i nDeireadh Fómhair 2007.[88] Chuir R.E.M. Accelerate amach i dtosach 2008. Bhí an t-albam ag uimhir a dó ar an chairt Billboard ar dtús,[89] agus ba é an t-ochtú albam ag an bhanna i mbarr na cairte sa Bhreatain.[90] Shíl léirmheastóir Rolling Stone David Fricke go raibh Accelerate níos fearr ná na halbaim eile ag an bhanna i ndiaidh imeacht Berry; mhaígh sé gurb é "ceann de na ceirníní is fearr a rinne R.E.M. riamh."[91]

Stíl Cheoil cuir in eagar

In agallamh i 1988, chuir Peter Buck síos ar amhráin choitianta R.E.M. ná "rudaí sa mhionghléas, meánluas, dothuigthe, scoth-rac-tíre bailéadach. Sin an rud a síleann gach duine agus ar mhodh, is fíor é."[92] Cuirtear cumadóireacht ar fad i leith an bhanna go hiomlán, cé go gcumann baill aonair bunús amhrán áirithe in amanna.[93] Bíonn vóta cothrom ag gach ball sa chóras cumadóireachta; d'admhaigh Buck, áfach, gurb annamh é nuair a leanann Stipe smaoineamh nach maith leis, mar is liriceoir an bhanna é.[52] Roinneadh an obair sa chóras cumadóireachta i measc na bunbhaill: scríobh Stipe na liricí, agus leag sé amach séiseanna; dhruid Buck an banna le treonna ceoil nua; agus chuir Mills agus Berry an dlaoi mhullaigh ar na dréachtaí mar go raibh níos mó taithí ceoil acu.[94]

Canann Michael Stipe i "bhfíoracha gutha olagónach, caointe, stuach", dar le beathaisnéisí R.E.M. David Buckley.[95] Armónaíonn Stipe le Mills go minic in amhráin; sa chufa i "Stand", canann Mills agus Stipe liricí i ndiaidh a chéile, agus déantar comhrá mar thoradh.[96] Bhí ailt luatha faoin bhanna dírithe ar an stíl amhránaíochta ag Stipe (chuir an Washington Post síos uirthi ná "mungailt"); bhí a liricí dothuigthe go minic mar gheall uirthi.[97] Dhearbhaigh an scríbhneoir Creem John Morthland, "níl a fhios agam fós cad atá na hamhráin seo faoi, mar ní raibh mé nó duine ar bith eile atá aithne agam air ábalta liricí R.E.M. a aithint riamh," ina léirmheas ar Murmur.[98] Dúirt Stipe i 1984, "níl ann ach an bhealach a chanaim. Dá ndéanfainn iarracht í a stiúradh, bheadh sí bréagach go leor."[99] D’áitigh léiritheoir Joe Boyd ar Stipe a hamhránaíocht a dhéanamh níos soiléire le linn an taifeadadh Fables of the Reconstruction.[100]

Seasaigh Stipe air go raibh cuid mhór a liricí luatha "seafóideach"; dúirt sé, "tá a fhios acu go léir nach bhfuil focail, per se, le roinnt mhór an stuif luaith. Níor chuimhin liom orthu fiú." Leis an fhírinne a rá, d'oibrigh Stipe go dian ar na liricí i gcuid mhór amhrán luath R.E.M.[101] Mínigh Stipe i 1984 go raibh a liricí cosúil le "pictiúir simplí" nuair a thosaigh sé, ach i ndiaidh bliana d'éirigh sé leamh den dóigh sin agus "thosaigh mé ag baint trialach as liricí gan chiall soiléir go cruinn, agus lean sé ar aghaidh ó shin amach."[99] I lár na n-ochtóidí, agus amhránaíocht Stipe ag éirí níos soiléire, rinne an banna cinneadh go mbeadh ciall níos liteartha ag a liricí.[102] Mhínigh Mills, "nuair atá trí cheirnín déanta agat agus tá roinnt amhrán scríofa agat agus tá siad ag éirí níos fearr agus níos fearr go liriciúil, ba í an chéad chéim eile ná duine éigin a chur ceist ort, an bhfuil tú ag rá rud ar bith? Agus bhí an mhuinín ag Michael ag an phointe sin ná "táim" a rá..."[103] Bhí amhráin ar nós "Cuyahoga" agus "Fall on Me" ar Lifes Rich Pageant ag baint le cúrsaí truaillithe.[104] Phléigh Stipe le cúrsaí níos polaitiúla ina liricí ar Document agus Green. "Níor ach fritoradh é ár ngníomhaíochas polaitiúil agus ábhair na n-amhrán don áit ina raibh muid, agus na rudaí a bhí timpeall orthu, agus b' fhíoruafás é," arsa Stipe níos moille. "Ní raibh rud ar bith le déanamh i 1987 agus '88 ach bheith gníomhach"[105] Cé gur choinneáil Stipe ag scríobh amhrán faoi chúrsaí polaitiúla ar nós "Ignoreland" agus "Final Straw", bhí albaim níos moille dírithe ar ábhair eile. Phléigh Automatic for the People le "mortlaidh agus bás. Stuif mhórfhoclach go leor," dar le Stipe,[106] ach rinne Monster léirmheas ar grá agus cultúr na gcoitiantachta.[105]

Dearbhaíonn mórán daoine gurb í an stíl ghiotáir ag Peter Buck ná an gné is idirdhealaithí sa cheol R.E.M. Le linn na 1980í, chuir an stíl "tíosach, airpéitseach, fileata" ag Buck an banna rac-tíre Meiriceánach na 1960í The Byrds i gcuimhne d'iriseoirí ceoil Briotánacha.[107] Dúirt Buck "bhí tionchar mór ag [giotáraí na Byrds] Roger McGuinn orm mar ghiotáraí."[108] Rinneadh codarsnachtaí leis an seinm giotáir ag Johnny Marr, sa ghrúpa rac malartach comhaimseartha The Smiths. Cé gur chuir Buck i gcéill go raibh suim aige sa bhanna, d'admhaigh sé gur chuir daoine isteach air ar dtús nuair a chuir siad ceisteanna air dá mbeadh tionchar ag Marr air, agus cháin sé na Smiths mar thoradh.[93] Seachnaíonn Buck aonréid ghiotáir de ghnáth; mhínigh sé i 2002, "Tá a fhios agam go mbíonn daoine ar mire nuair a sheinneann giotáraí aonréid te, ach ní chumaim amhráin atá fóirsteanach do sin, agus níl suim agam ann. Is féidir liom iad a dhéanamh dá mbeadh sé orm, ach ní maith liom iad."[109] Tá tionchar ag Paul McCartney agus Chris Squire ó Yes ar an stíl séiseach atá ag Mike Mills ar an dordghiotár; dúirt Mills, "Sheinn mé dord séiseach i gcónaí, cosúil le dord pianó ar dhóigheanna... Ní raibh sé ar intinn agam riamh an dord bun-nóta traidisiúnta, glasáilte sa druma speiche, a sheinm."[110] Tá níos mó oiliúint cheoil ag Mills ná ag baill eile an bhanna, agus dúirt sé go raibh sé "níos éasca [dom] réaltacht a dhéanamh de smaoinimh cheoil dothuigthe" mar thoradh.[108]

Oidhreacht cuir in eagar

Bhí R.E.M. thar a bheith tábhachtach sa chruthú agus san fhorbairt de sheánra rac malartach. Dearbhaíonn Allmusic, "Is iad R.E.M. an pointe nuair a rinneadh rac malartach den iarphunc."[5] Sna luath-ochtóidí, bhí an rac malartach ag R.E.M. i gcontrárthacht le seánraí an iarphunc agus na nuathoinne a tháinig roimhe. Thug an iriseoir ceoil Simon Reynolds faoi deara gur ghlac ghluaiseacht an iarphunc ag deireadh na 1970í agus ag tosach na 1980í "sraitheanna ceoil ón bhiachlár", go háirithe ó na 1960í, agus, "i ndiaidh dímhearaithe an iarphunc agus scéimeanna an Pop Nua, mhothaigh sé go saorthach bheith ag éisteacht le ceol bunaithe ar misteachas agus ar géilleadh aoibhinn." Dhearbhaigh Reynolds gur thug R.E.M. ceol na 1960í ar ais ina chuimhne le "clingeacha giotáir plangent agus guta sa stíl ceol tíre," agus gur "mhúscail siad, go tnúthánach agus go dothuigthe, samhlaoidí agus teorainneacha úr do Mheiriceá"; mhaígh sé gurbh iad "ceann den dá bhanna rac malartach is fearr na linne."[111] I ndiaidh eisiúna Murmur, bhí éifeacht níos mó go ceolmhar agus go tráchtála ag R.E.M. ná ag grúpaí luatha eile sa seánra malartach a bhí á fhorbairt, agus fágadh roinnt grúpaí jangle pop eile ina ndiaidh.[112]

Ba spreagadh é an rath luath a bhí ag R.E.M. do bhannaí malartacha eile. Thagair Spin don "eiseamláir R.E.M."—cinnidh a rinne R.E.M. ina slí bheatha a thabhairt treoirlínte do ealaíontóirí malartacha eile ina slite beatha féin. Scríobh Charles Aaron i Spin, "Léirigh siad cé chomh fada agus a fhéadfadh le banna faoi chuim, spreagtha sa phunc, a dhul istigh sa tionscal gan a n-ionracas ealaíonta a dhíol i mbealach fhollasach ar bith. Fuair siad amach an bhealach le ceannach isteach, chan díol amach-lena rá ar chaoi eile, bhain siad amach an Aisling Bhoithéimeach Mheiriceánach."[113] Dúirt Steve Wynn de Dream Syndicate, "Thionscain siad cluiche liathróide úrnua do na bhannaí eile go hiomlán a ghlacadh leis cibé acu gurb é Sonic Youth nó na ReplacementsNirvanaButthole Surfers.

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim sa stiúideo cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Gumprecht, Blake. "R.E.M.". Alternative America. Geimhreadh 1983.
  2. Holdship, Bill. "R.E.M.: Rock Reconstruction Getting There". Creem. Meán Fómhair 1985.
  3. Buckley, l. 30
  4. Buckley, l. 39
  5. 5.0 5.1 Erlewine, Stephen Thomas. "R.E.M > Biography". Allmusic.com. Dáta rochtana: June 20 2007.
  6. Buckley, l. 41
  7. Buckley, l. 46
  8. Buckley, l. 53–54
  9. Sullivan, l. 27
  10. Gray, l. 497
  11. Buckley, l. 59
  12. Buckley, l. 61–63
  13. Buckley, l. 66–67
  14. Grabel, Richard. "Nightmare Town". NME. 11ú Nollaig, 1982.
  15. Buckley, l. 72
  16. Buckley, l. 78
  17. Buckley, p. 73
  18. 18.00 18.01 18.02 18.03 18.04 18.05 18.06 18.07 18.08 18.09 Buckley, l. 357–58
  19. Buckley, l. 95
  20. Gray, l. 432
  21. Gray, l. 434
  22. Snow, Mat. "American Paradise Regained: R.E.M.'s Reckoning". NME. 1984.
  23. Buckley, l. 115
  24. Buckley, l. 131–32
  25. Buckley, l. 135
  26. "Interview with R.E.M.". Melody Maker. 15ú Meitheamh, 1985.
  27. Buckley, l. 140
  28. Buckley, l. 159
  29. Popson, Tom. "Onward and Upward and Please Yourself". Chicago Tribune. 17ú Deireadh Fómhair, 1986.
  30. Buckley, l. 151
  31. Fletcher, l. 142
  32. Buckley, l. 160
  33. Fletcher, l. 146
  34. De Muir, Harold. "There's No Reason It Shouldn't Be A Hit". East Coast Rocker.10ú Iúil, 1987.
  35. Pareles, Jon (13ú Meán Fómhair, 1987). "R.E.M. conjures dark times on 'Document'". The New York Times. Dáta rochtana: 2007-12-30.
  36. Fletcher, l. 157
  37. Buckley, l. 163
  38. Buckley, l. 174
  39. Buckley, p. 179
  40. Buckley, l. 180
  41. Buckley, l. 183
  42. 42.0 42.1 42.2 42.3 Fletcher, l. 296
  43. Buckley, l. 184
  44. Buckley, l. 198
  45. Buckley, l. 209
  46. 46.0 46.1 Buckley, l. 287
  47. Buckley, l. 205
  48. Buckley, l. 204
  49. Pareles, Jon (26ú Feabhra, 1992). "Cole's 'Unforgettable' Sweeps the Grammys". The New York Times. Dáta rochtana: 2007-12-30.
  50. Buckley, p. 213
  51. Buckley, l. 216
  52. 52.0 52.1 52.2 Fricke, David. "Living Up to Out of Time/Remote Control: Parts I and II". Melody Maker. 3ú Deireadh Fómhair, 1992.
  53. Buckley, l. 218
  54. Buckley, l. 217
  55. Buckley, l. 236
  56. Buckley, l. 248
  57. Buckley, p. 251–55
  58. Buckley, l. 256
  59. Buckley, . 258
  60. Buckley, l. 269
  61. Farley, Christopher John (16ú Nollaig, 1996). "Waiting for the Next Big Thing". Time. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-01-11. Dáta rochtana: 2007-12-30.
  62. DeRogatis, Jim (Fómhair 1996). "New Adventures in R.E.M.". Request. Dáta rochtana: 2006-12-30.
  63. 63.0 63.1 Longino, Miriam. "R.E.M.: To a different beat the famed Athens band becomes a threesome as drummer Bill Berry leaves to 'sit back and reflect'". Atlanta Journal-Constitution. 31ú Deireadh Fómhair, 1997.
  64. Buckley, l. 276
  65. 65.0 65.1 Buckley, l. 280
  66. Black, l. 232
  67. Black, l. 233
  68. Buckley, l. 286
  69. Buckley, l. 292
  70. ""R.E.M. To Score 'Man On The Moon'"". VH1.com (1ú Márta, 1999). Dáta rochtana: December 30 2007.
  71. Black, l. 248–49
  72. Buckley, l. 303
  73. Buckley, l. 310
  74. Buckley, l. 305
  75. Friston, The Rev. Al. "REM: Reveal (Warner Bros.)". Rock's Backpages. Nollaig 2001.
  76. Sheffield, Rob (1ú Bealtaine, 2001). ""R.E.M.: Reveal"". RollingStone.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-04. Dáta rochtana: 2007-10-2.
  77. MTV News staff (14ú Deireadh Fómhair, 2003). ""For The Record: Quick News On Hilary Duff, JC Chasez And Corey Taylor, Mary J. Blige, Deftones, Marilyn Manson & More"". MTV.com. Dáta rochtana: 2007-7-1.
  78. Devenish, Colin (6ú Meán Fómhair, 2002). ""R.E.M. Get Primitive"". RollingStone.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-01-11. Dáta rochtana: 2007-12-24.
  79. Graff, Gary (11ú Meán Fómhair, 2006). ""R.E.M. Bringing Back The Rock On New Album"". Billboard.com. Dáta rochtana: 24ú Nollaig 2007.
  80. Cohen, Jonathan (5ú Meán Fómhair, 2006). ""R.E.M. Plots One-Off Berry Reunion, New Album"". Billboard.com. Dáta rochtana: 2007-7-1.
  81. ""It's a Prydz and Stone double top"". NME.com (3ú Deireadh Fómhair, 2004). Dáta rochtana: 2007-12-30.
  82. ""R.E.M. inducted into Music Hall of Fame"". USAToday.com (17ú Meán Fómhair, 2006). Dáta rochtana: 2007-7-3.
  83. Grossberg, Josh (14ú Bealtaine, 2007). ""R.E.M. Back in the Studio"". EOnline.com. Dáta rochtana: 2008-1-17.
  84. Cohen, Jonathan (12ú Márta, 2007). ""Original R.E.M. Quartet Covers Lennon For Charity"". Billboard.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-06-01. Dáta rochtana: 2008-5-17.
  85. Ryan, Joal (30ú Deireadh Fómhair, 2006). ""R.E.M., Van Halen Headed to Hall?"". EOnline.com. Dáta rochtana: 2007-7-3.
  86. Cohen, Jonathan (13ú Márta, 2007). ""R.E.M., Van Halen Lead Rock Hall's '07 Class"". Billboard.com. Dáta rochtana: 2007-7-1.
  87. ""REM begin recording new album"". NME.com (24ú Bealtaine, 2007). Dáta rochtana: 2007-7-3.
  88. Cohen, Jonathan (21ú Lúnasa, 2007). ""R.E.M. Preps First Concert CD/DVD Set"". Billboard.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-11. Dáta rochtana: 2007-10-2.
  89. Hasty, Katie (9ú Aibreán, 2008). ""Strait Speeds Past R.E.M. To Debut At No. 1"". Billboard.com. Dáta rochtana: 2008-4-10.
  90. Sexton, Paul (7ú Aibreán, 2008). ""R.E.M. Earns Eighth U.K. No. 1 Album"". Billboard.com. Dáta rochtana: 2008-4-10.
  91. Fricke, David (3ú Aibreán, 2008). "Accelerate review". RollingStone.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-27. Dáta rochtana: 2008-4-10.
  92. Halbersberg, Elianna. "Peter Buck of R.E.M.". East Coast Rocker. 30ú Samhain, 1988.
  93. 93.0 93.1 The Notorious Stuart Brothers. "A Date With Peter Buck". Bucketfull of Brains. Nollaig 1987.
  94. Buckley, l. 85
  95. Buckley, l. 87
  96. Buckley, l. 180–81
  97. Sasfy, Joe. "Reckoning with R.E.M.". The Washington Post. 10ú Bealtaine, 1984.
  98. Morthland, John. "R.E.M.: Murmur". Creem. Iúil 1983.
  99. 99.0 99.1 Platt, John. "R.E.M.". Bucketfull of Brains. Nollaig 1984.
  100. Buckley, l. 133
  101. Buckley, l. 88
  102. Buckley, l. 143
  103. Buckley, l. 150
  104. Buckley, l. 156–57
  105. 105.0 105.1 Olliffe, Michael. "R.E.M. in Perth". On the Street. 17ú Eanáir, 1995.
  106. Cavanagh, David. "Tune in, cheer up, rock out". Q. Deireadh Fómhair 1994.
  107. Buckley, l. 77
  108. 108.0 108.1 Buckley, l. 81
  109. Buckley, l. 80
  110. Buckley, l. 105
  111. Reynolds, Simon. Rip It Up and Start Again: Postpunk 1978–1984. Penguin, 2005. ISBN 0-14-303672-6, p. 392
  112. Erlewine, Stephen Thomas. ""American Alternative Rock / Post-Punk"". Allmusic.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-11-13. Dáta rochtana: 2007-6-24.
  113. Aaron, Charles. "The R.E.M. method and other rites of passage". Spin: 20 Years of Alternative Music. Three Rivers Press, 2005. ISBN 0-307-23662-5, l. 18