An radaíocht leictreamaighnéadach a astaíonn dúchorp, bíonn dáileadh minicíochta (is tonnfhad) inti a bhraitheann ar theocht an dúchoirp amháin. Más é 500 K teocht an dromchla, níl ach radaíocht infridhearg idir na tonnfhaid 1,500 nm is 100,000 nm i gceist, agus í dofheicthe. Ag teocht 1,000 K, astaíonn dromchla an dúchoirp beagáinín dá radaíocht ag na tonnfhaid dhearga sa raon infheicthe, agus bíonn breo dearg ar an rud. Ag teocht níos airde fós, tarlaíonn radaíocht ar feadh an raoin infheicthe, agus deirtear go bhfuil an rud bánbhruithneach. Go bunúsach, éiríonn an astaíocht radaíochta seo ó ghluaiseachtaí na leictreon i ndromchla te. Nuair a théitear an t-ábhar ardaítear fuinneamh gach leictreoin go dtí leibhéal ceadaithe os cionn an bhunleibhéil. Nuair a chailleann leictreon an chéim is lú fuinnimh, astaítear an fuinneamh seo i bhfoirm candaim radaíochta a dtugtar fótóin orthu. Thaispeáin Josef Stefan i 1879 is Ludwig Boltzmann i 1889 gur féidir an fuinneamh iomlán astaithe ag dromchla te, E, a scríobh mar fheidhm na dearbhtheochta T: E = σ T4, agus is é σ tairiseach Stefan-Boltzmann. Ag éirí as a staidéar ar radaíocht dúchoirp, thairg Max Planck i 1900 gur cainníocht chandamach í an solas. Tá an piriméadar optúil bunaithe ar an radaíocht dúchoirp. Is í an fhoinse solais is tábhachtaí dúinne ar Domhanan Ghrian, arb é 5750 K meánteocht a dromchla. Bíonn a lán tonnfhad i radaíocht dúchoirp na Gréine, idir radaíocht infridhearg dhofheicthe, sholas infheicthe, agus radaíocht ultraivialait dhofheicthe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Radaíocht dúchoirp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 545.