X-radaíocht a astaíonn na cáithníní luchtaithe is iad á luasghéarú timpeall an tsincreatróin. Díreach cosúil le luchtanna leictreacha a astaíonn radaíocht leictreamaighnéadach is iad á luasghéarú, astaíonn na cáithníní luchtaithe atá ag taisteal i gciorcal radaíocht. Ar dtús, ba mhíbhuntáiste do luasairí an t-astú seo, mar bhí an radaíocht baolach do dhaoine sa chomharsanacht muna raibh cosaint ar an meaisín. Ach de bhrí gur féidir léis gheala chaola chomhlínithe X-radaíochta le bandaleithid éagsúla a fháil ach an luasghéarú a rialú, is fíoráisiúil an X-radaíocht seo i gcomhair taighde ar ábhar soladach is córais bhitheolaíocha trí dhíraonadh, micreascópacht is speictreascópacht X-ghathach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Radaíocht sincreatróin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 545.