Is é an raidiam (Ra) dúil uimhir a 88. Ceann de na miotail chré-alcaileacha atá ann, agus é iontach cosúil leis an mbairiam ó thaobh na saintréithe ceimiceacha de. Tá iseatóip an raidiam go léir radaighníomhach, ach ós rud é go bhfuil leathré sách fada ag cuid acu, níl sé dodhéanta taighde a dhéanamh ar cheimic an raidiam, cé go bhfuil dainséar áirithe ag baint leis.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachRaidiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Raidiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachRa
Uimhir adamhach88
Cumraíocht leictreon[Rn] 7s²
Peiriad, Grúpapeiread 7
miotal cré-ailcealach
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht0.9
Ga ianach1.48 agus 1.7
Stair
AimsitheoirMarie Curie agus Pierre Curie
Fionnachtain1898
Eapainmradaighníomhaíocht

Is é 226Ra an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ag an raidiam, agus é ar fáil go tearc sna mianta úráiniam, ós rud é gur ceann de na céimeanna i meathshlabhra an úráiniam é. Tá an t-iseatóp seo 1602 bliain ar leathré, agus is é an cineál meath radaighníomhach a thagann air ná an t-alfa-mheath. Is é an radón - iseatóp a 222 - is toradh don mheath seo. Mar sin, cuireann gach aon bhlúirín raidiam radón uaidh, agus sin é an tuige gur tugadh "eisileadh raidiam" (Radiumemanation as Gearmáinis) ar an radón ar dtús.

Má aonraítear raidiam ina dhúil ghlan, gheofar miotal a bhfuil loinnir bhán ann, ach ós rud é gur miotal cré-alcaileach é cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, an strointiam, agus an bairiam, is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir, ionas go dtiocfaidh brat dubh ocsaíde air. Mar is dual don mhiotal chré-alcaileach, tabharfaidh an t-adamh raidiam dhá leictreon uaidh nuair a rachaidh sé i gcomhdhúil le dúil eile in imoibriúchán ocsaídithe agus dí-ocsaídithe, agus is í an fhoirmle a bheas ag an ocsaíd ná RaO, toisc gur dual don adamh ocsaigine dhá leictreon a ghlacadh chuige.

Ní hamháin go bhfuil contúirt sa raidiam toisc go bhfuil sé radaighníomhach, nó is miotal trom é, agus é in ann seangú isteach sa cholainn agus carnadh sna cnámha, ó tá sé cosúil leis an gcailciam ó thaobh na ceimice de.

Bhí an-tábhacht leis an raidiam d'fhorbairt na raideolaíochta, nó b'é an raidiam an chéad dúil cheimiceach a haithníodh mar dhúil radaighníomhach. B'iad Pierre agus Marie Curie a chuir sonrú sna línte speictreacha is dual don raidiam sa bhliain 1898, línte nach raibh baint acu le haon dúil cheimiceach a raibh aithne acu uirthi. Is é an tátal a bhain siad as na línte speictreacha gur tháinig siad trasna ar dhúil anaithnid. Ó bhí an dúil sin ag astú gathanna a raibh an-fhuinneamh iontu, bhaist siad "raidiam" uirthi - ainm atá bunaithe ar an bhfocal Laidine a chiallaíonn "ga", nó radius. D'aonraigh Marie Curie agus André-Louis Debierne an chéad eiseamal raidiam sa bhliain 1902. Ar dtús, d'éirigh leo clóiríd raidiam (RaCl2) a tháirgeadh, agus ansin, leictrealaigh siad tuaslagán na clóiríde seo. Bhain siad úsáid as an mearcair mar chatóid: nuair a dhí-ocsaídigh an chatóid na hiain raidiam Ra+ go raidiam miotalach, meascadh na hadaimh raidiam tríd an mearcair, ionas gur cruthaíodh malgam. Ina dhiaidh sin, dhealaigh Curie agus Debierne, an raidiam agus an mearcair ó chéile tríd an malgam a dhriogadh in atmaisféar hidrigine.

Níor thuig Curie ná cuid mhór de cheannródaithe na raideolaíochta chomh dainséarach agus a bhí an radaighníomhaíocht, agus ní bhíodh sí ag iarraidh í féin a chosaint ar an radaíocht. Fuair Marie Curie féin bás le leoicéime a tharraing sí uirthi féin chomh neamhchairéiseach is a bhíodh sí ag láimhseáil raidiam agus na substaintí radaighníomhacha eile.

Tagairtí cuir in eagar