Ceolfhoireann miotail nó Tanz-Metal[1] é Rammstein agus é lonnaithe i mBeirlín sa Ghearmáin. Is iad Till Lindemann, Richard Z. Kruspe, Paul H. Landers, Oliver "Ollie" Riedel, Christoph "Doom" Schneider agus Christian "Flake" Lorenz baill na ceolfhoirne. Cé gur gnách leis an mbanna a gcuid amhrán a rá as Gearmáinis, bhain siad amach cáil nach beag timpeall an domhain. Faoi láthair tá siad tar éis seacht albam a eisiúint.

Bosca Sonraí EagraíochtaRammstein
lang=ga
(2013) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósRamstein air show disaster (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh4 Eanáir 1994, Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1994 –
Lipéad ceoilMotor Music
Republic Records
Universal Music Group Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraNeue Deutsche Härte (en) Aistrigh, industrial metal (en) Aistrigh agus shock rock (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Le cuid
Cuid deNeue Deutsche Härte (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinrammstein.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1339792 Facebook: Rammstein Twitter: RSprachrohr Instagram: rammsteinofficial Youtube: UCYp3rk70ACGXQ4gFAiMr1SQ TikTok: rammstein Souncloud: rammstein-official Spotify: 6wWVKhxIU2cEi0K81v7HvP iTunes: 408932 Last fm: Rammstein Musicbrainz: b2d122f9-eadb-4930-a196-8f221eeb0c66 Songkick: 11557 Discogs: 11771 Allmusic: mn0000333648 Deezer: 464 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Ba é Richard Z. Kruspe a chuir an banna ar bun. Ba é an chéad fhoireann a bhí aige ná Orgasm Death Gimmicks, banna a bhunaigh sé i ndiaidh dó cur faoi i mBeirlín sa bhliain 1989. San am sin, bhí Kruspe go mór mór faoi thionchar bannaí Meiriceánacha cosúil le KISS. Nuair a thit Balla Bheirlín, d'fhill Kruspe abhaile go Schwerin, áit a raibh Till Lindemann ina dhrumadóir sa bhanna úd First Arsch. Bhí cónaí ar Kruspe faoi aon díon le hOliver Riedel agus Christoph "Doom" Schneider agus an bheirt acu ag seinm i mbannaí dá gcuid féin. Thosaigh Kruspe agus an bheirt sin ag comhoibriú le ceol de chineál nua a dhéanamh, ceol a bheadh ag baint úsáide as meaisíní chomh maith le ceoluirlisí den ghnáthchineál. Ansin chuala Kruspe Till Lindemann ag canadh amhrán os cionn a chuid oibre, agus d'fhruiligh sé mar fhonnadóir é.

Sa bhliain 1994 ghlac Rammstein páirt i gcomórtas do bhannaí amaitéaracha agus bhain siad an chraobh. Ba é an duais a bhí ag dul don bhuaiteoir ná leas a bhaint as stiúideó proifisiúnta le ceithre amhrán a thaifeadadh. Nuair a chuala Paul Landers an taifeadadh, bhí sé faoi dhraíocht ar fad agus chuaigh sé sa bhanna chomh maith le duine.

Ansin bhí fear de dhíth orthu le seinm ar na méarchláir. Bhí aithne ag Paul Landers ar Christian Lorenz, agus an bheirt acu tar éis ceol a dhéanamh in éineacht roimhe sin. Ar dtús bhí Lorenz idir dhá chomhairle, ach i ndeireadh na dála bhí sé sásta dul i Rammstein.

Albaim cuir in eagar

Albaim Stiúideo cuir in eagar

  • Herzeleid (1995)
  • Sehnsucht (1997)
  • Mutter (2001)
  • Reise, Reise (2004)
  • Rosenrot (2005)
  • Liebe ist für alle da (2009)
  • Rammstein (2019)
  • Zeit (2022)

Albaim Bheo cuir in eagar

  • Live aus Berlin (1999)
  • Völkerball (2006)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-23. Dáta rochtana: 2008-02-13.