Raymond Chandler

úrscéalaí agus scríbhneoir scannán Meiriceánach

Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i Raymond Thornton Chandler, a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.

Infotaula de personaRaymond Chandler

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Raymond Thornton Chandler
23 Iúil 1888
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Márta 1959
70 bliana d'aois
La Jolla, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaMount Hope Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Dulwich Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCoirscéal
Gairmscríbhneoir scripte, scríbhneoir, úrscéalaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1933 –
SeánraFicsean bleachtaireachta
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine agus Aerfhórsa Ríoga
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileCissy Pascal Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

IMDB: nm0151452 Allocine: 6208 Allmovie: p84666 TV.com: people/raymond-chandler
Musicbrainz: d58a883d-fb99-4831-8852-e060cea8c15f Discogs: 467590 Find a Grave: 188 Cuir in eagar ar Wikidata

A Shaol cuir in eagar

Cé gur sna Stáit Aontaithe a rugadh é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta garrfhicsin lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, fostaíodh ina scriptscríbhneoir i Hollywood é. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954, agus í tinn ar feadh i bhfad roimhe sin.

Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.

A Shaothar cuir in eagar

Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na húrscéalta The Big Sleep agus The Long Goodbye na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread, go háirithe an dóigh a mbíonn sé ag trácht ar mhná agus ar homaighnéasaigh. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.