Treorú eitleáin ó aerfort amháin go dtí a cheann scríbe, i ngach saghas aimsire is gach uair, gach lá sa bhliain. Ón bhfánán go dtí imeall an rúidbhealaigh, díríonn an ceannasaí talún an píolóta. Le córas radair, déanann an ceannasaí seo cinnte de go bhfuil aerárthaigh eile, veaineanna coimeádta, trucailí bagáiste is feithiclí eile ag gluaiseacht go sábháilte. Díríonn na ceannasaithe tráchta sa túr rialaithe éirí an eitleáin san aer, agus tugann eolas don phíolóta ar an aimsir is an rúidbhealach atá le húsáid. Réitítear plean na heitilte roimh éirí — an ceann scríbe, an t-amchlár don eitilt, airde na heitilte —agus cuirtear an t-eolas isteach sa ríomhaire rialú aertráchta. Agus an t-eitleán san aer, fad beag amach as an aerfort, aistrítear an rialú chuig rialú tráchta an aerbhealaigh. Bíonn mioneolas gach córais ar an scáileán radair agus an eitlit á díriú ag an gcóras sin. Ag teacht chun ceann scribe, tagann an t-eitleán faoi choimirce rialú aertráchta an aerfoirt eile, agus fanann sa scuaine nó sa chruach thart ar mhaolán raidió timpeall 50 km ón aerfort, 300 m ó aon eitleán eile inti, chun cead is díriú isteach chun tuirlingte a fháil. An t-eitleán ag bun na cruaiche a fhaigheann cead tuirlingte. Tar éis cead a fháil, déanann an píolóta nó an córas uathoibríoch san eitleán ceangal glais leis an léas stiúrtha a dtugtar an córas tuirlingthe ionstraime air. Díríonn an léas seo an t-eitleán síos an claonán ceart agus ar feadh lárlíne an rúidbhealaigh. Sna heitleáin mhóra bíonn an córas tuirlingthe iomlán uathoibríoch.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Rialú aerthráchta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 558.