Richard Stanihurst

scríbhneoir Éireannach

Ailceimiceoir, file, sagart agus staraí ó Éirinn ba ea Richard StanyhurstRichard Stanihurst (1547–1618).

Infotaula de personaRichard Stanihurst
Beathaisnéis
Breith1547 (Féilire Ghréagóra)
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1618
70/71 bliana d'aois
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile, Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAilceimic, aistriú, filíocht agus stair
Gairmfile, aistritheoir, ailceimiceoir, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Laidin
Teaghlach
AthairJames Stanihurst

Beatha cuir in eagar

Ba é a athair James Stanyhurst Cláradóir Bhaile Átha Cliath agus Spícéir Dháil na hÉireann sna blianta 1557, 1560 agus 1568. Cuireadh oideachas ar Richard i gColáiste Chill Chainnigh faoi stiúir Peter White agus i 1563 chuaigh sé go dtí Coláiste na hOllscoile in Oxford, mar ar bhain sé céim amach. Ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an dlí in Furnival’s Inn agus in Lincoln’s Inn.

I 1587 scríobh sé cuid de Chronicles of England, Scotland, and Ireland ("a playne and perfecte description") agus History of Ireland during the reign of Henry VIII, leabhair le Richard Holinshed. Chuir na saothair seo olc ar Chaitlicigh.[1]

Ní raibh lé aige leis an nGaeilge, agus b’oth leis go raibh an teanga úd chomh daingnithe sin sa Pháil i measc a leithéidí féin – “when their posteritie became not altogither so warie in keeping, as their ancestors were valiant in conquering, the Irish language was free dennized in the English Pale: this canker tooke such deep root, as the bodie that before was whole and sound, was by little and little festered, and in manner wholly putrified…” (1587).[2]

I 1579, tar éis bhás a mhná céile Janet Barnewall, chuaigh Stanyhurst go dtí an Ísiltír. Chaith sé dúthracht le cúis an Chaitliceachais tar éis dó Helen Copley a phósadh, rud a tharla roimh 1585. Bhí sé ina chónaí in easpagóideacht Liège agus chuir sé caidreamh ar an dream Paracelsach a bhí faoi cheannas Ernest na Baváire (1554–1612). As sin amach rinne Stanihurst anailís ar an ngaol idir leigheas agus ceimic.

Go luath sna 1590í fuair sé cuireadh ó Philib II na Spainne agus chuaigh ag obair sa saotharlann mhór ailceimiceach in El Escorial. Chuireadh sé scéala chun an Rí i dtaobh cúrsaí na gCaitliceach i Sasana. Nuair a fuair a bhean chéile bás i 1602 chuaigh sé le sagartóireacht agus bhí sé ina shéiplíneach ag Ard-Diúc Albert na hOstaire san Ísiltír. Bhí a mhac William Stanyhurst ina Íosagánach.

Dealraíonn sé gur cailleadh é sa Bhruiséil.

Nótaí cuir in eagar

  1. Wikisource: Catholic Encyclopedia (1913)/Richard Stanyhurst.
  2. Luaite in Crowley, Tony (2002), The Politics of Language in Ireland 1366-1922: A Sourcebook, Routledge, lch 24.

Le léamh cuir in eagar

  • Barry, John & Morgan, Hiram (2013). Great Deeds in Ireland: Richard Stanihurst's De Rebus in Hibernia Gestis. Cork: Cork University Press.
  • Lennon, Colm (1981). Richard Stanihurst the Dubliner, 1547-1618: A Biography, with a Stanihurst Text, on Ireland's Past. Dublin: Irish Academic Press.
  • Lennon, Colm. "Richard Stanihurst," The Dictionary of Literary Biography, Volume 281: British Rhetoricians and Logicians, 1500–1660, Second Series, Detroit: Gale, 2003, lgh 296–303.
  • Lennon, Colm. "Richard Stanihurst and Old English Identity," Irish Historical Studies, vol. 21, 1978, lgh121–143.
  • Lennon, Colm. "Richard Stanihurst's 'Spanish Catholicism': Ideology and Diplomacy in Brussels and Madrid," Irland y la monarcquía Hispánica: Kinsale 1601-2001, Madrid, 2002, lgh75–88.

Naisc sheachtracha cuir in eagar