An córas seolta is crann a úsáidtear ar bhád. I rigín laidineach ceanglaítear seol triantánach le sparra fada barrchaol ionas gur rigín oiriúnach é is féidir a cheangal ag raon uillinneacha. Is dócha gur thosaigh sé sa Mheaspatáim, gur ghlac na hÉigiptigh leis, agus ina dhiaidh sin fuarthas ar fud na Meánmhara é. Bhain foghlaithe mara Chósta na Barbaire feidhm as suas go dtí an 19ú céad, agus feictear fós é ar bháid Arabacha san Aigéan Indiach. I rígín ó thosach go deireadh, bíonn na seolta ar feadh an tsoithigh agus is féidir iad a bheith triantánach nó ceathairshleasach. Bíonn na rigíní seo níos éifeachtaí inláimhsithe ná rigín cearnach, agus feidhmíonn siad níos fearr ag dul i dtreo na gaoithe. I rigín cearnach, bíonn na seolta fillte ar sparraí a bhíonn crochta ar lár an chrainn, ag déanamh dronuillinne le líne ó thosach go deireadh an tsoithigh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Rigín seoil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 560.