Is amhránaí agus cumadóir amhrán í Robyn Rihanna Fenty, nó Rihanna mar is fearr aithne uirthi, a rugadh ar an 20 Feabhra 1988 i mBarbadós. Saolaíodh í i Saint Michael agus tógadh í i mBridgetown,

Infotaula de personaRihanna

(2023, Met Gala (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Robyn Rihanna Fenty
20 Feabhra 1988
36 bliana d'aois
Saint Michael, Barbadós Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteRihanna, Ri, RiRi
Rihanna Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde173 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2005 –
SeánraCeol damhsa, R&G chomhaimseartha, popcheol, reigé, ceol hip hap agus ceol damhsa leictreonach
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Glanfhiúchas650 M$ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilDef Jam Recordings
Westbury Road Entertainment
Roc Nation Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíHassan Jameel (–2020)
A$AP Rocky (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNoah Mayers
 ( A$AP Rocky) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinrihanna.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1982597 Allocine: 421334 Rottentomatoes: celebrity/rihanna Allmovie: p475340 TCM: 11207310 Metacritic: person/rihanna TV.com: people/rihanna AFI: 339933
Facebook: rihanna Twitter: rihanna Instagram: badgalriri Snapchat: rihanna Youtube: UCcgqSM4YEo5vVQpqwN-MaNw TikTok: rihanna Souncloud: rihanna Spotify: 5pKCCKE2ajJHZ9KAiaK11H iTunes: 63346553 Last fm: Rihanna Musicbrainz: 73e5e69d-3554-40d8-8516-00cb38737a1c Songkick: 139648 Discogs: 321128 Allmusic: mn0000367188 Deezer: 564 Cuir in eagar ar Wikidata

Is mainicín í chomh maith, agus ambasadóir cultúrtha do Bharbadós. Is í Rihanna an chéad amhránaí ó Barbadós a ghnóthaigh Gradam Grammy.

Óige cuir in eagar

Rugadh Robyn Rihanna Fenty ar an 20 Feabhra 1988 do Ronald agus Monica Fenty i mBarbadós.[1] Tá beirt deartháireacha aici, Rorrey agus Rajad Fenty, atá níos óige ná í. D’fhreastail Rihanna ar Scoil Chuimhneacháin Charles F. Boome, agus ansin ar Scoil Combermere.

 
Jingle Ball, 2006

Amhránaí cuir in eagar

 
Last Girl on Earth 2010

2003–06 cuir in eagar

Sa bhliain 2003, agus í 15 bliana d’aois, cuireadh Rihanna in aithne don léiritheoir ceoil Evan Rogers, a chabhraigh léi dlúthdhiosca samplach a thaifeadadh. Chuala Jay-Z, an rapálaí agus léiritheoir hip-hap, í, Bhí Jay-Z ina uachtarán ar Def Jam Records. Rinne Jay-Z tairiscint do Rihanna láithreach, agus shínigh sí conradh le Def Jam.[1]

 
LOUD Tour, Hannover, 2011

Bhain Rihanna cáil amach ar dtús i mí Lúnasa na bliana 2005, le heisiúint a céad albam Music of the Sun, ar a bhfuil an tsingil Pon de Replay. Scríobhadh léirmheasanna dearfacha agus diúltacha faoin albam seo. Mar shampla, bhronn an t-irisleabhar Rolling Stone 2.5 réalta as 5 ar an albam, agus dúirt gur léir go raibh an iomarca tionchair ag grúpaí R&B Meiriceánacha ar shaothar Rihanna. D’éirigh leis an tsingil ‘Pon de Replay’ áit a bhaint amach sna deich n-amhrán ba mhó tóra i gcairteacha ceoil i 15 thír éagsúla.

Níos lú ná bliain ina dhiaidh sin, d’eisigh Rihanna an t-albam A Girl Like Me. D’éirigh leis an albam seo uimhir a cúig a bhaint amach ar an Billboard 200,[2] chomh maith le gradam platanaim a bhaint amach ón RIAA, de bharr gur díoladh os cionn milliún cóip den albam. Chuaigh amhrán ón albam seo, SOS go barr na gcairteacha sna Stáit Aontaithe/

D’éirigh thar cionn le singil eile ón albam, Unfaithful. Is í Rihanna féin a scríobh an t-amhrán Unfaithful agus is mar gheall ar chaidreamh a bhí aici le buachaill agus í 14 bliana d’aois atá sé scríofa. Roimh eisiúint an albaim seo, d’oscail Rihanna ceolchoirmeacha Gwen Stefani, leis an amhrán Unfaithful chun bolscaireacht a dhéanamh ar a halbam nua. Ó mhí na Samhna 2006 go dtí Feabhra 2007, chan sí ar chamchuairt de cheolchoirmeacha leis an mbanna ceoil Pussycat Dolls.

 
LGOET, Chicago, 2011

Nuair a d’fhormhuinigh Rihanna an branda Clinique, rinne sí taifeadadh ar amhrán a scríobh Ne-Yo dar teideal Just Be Happy mar chuid den fheachtas chun an chumhracht Happy a chur chun cinn. Rinne sí taifead ar an amhrán Winning Women chomh maith, mar fheachtas formhuinithe don táirge díbholaíocha Secret. I rith an ama seo ghlac Rihanna páirt caimeo sa scannán Bring It On: All Or Nothing a eisíodh ar an 8 Lúnasa 2006.

Chaith Rihanna roinnt mhaith ama sa stiúideo taifeadta le leithéidí Ne-Yo, Stargate agus Timbaland chun a tríú halbam, Good Girl Gone Bad a thaifeadadh. Eisíodh an t-albam seo ar an 5 Meitheamh 2007. D’éirigh léi barr na gcairteacha a bhaint amach le hocht singil éagsúla ón albam seo, na singlí cáiliúla Umbrella, Don’t Stop The Music agus Take a Bow ina measc. Chomh maith le barr na gcairteacha a bhaint amach in iliomad tíortha leis an tsingil Umbrella, chaith an tsingil seo deich seachtaine as a chéile ag barr na gcairteacha sa Ríocht Aontaithe, éacht nár baineadh amach ón uair a chaith Wet Wet Wet 15 seachtaine ag barr na gcairteacha leis an tsingil Love Is All Around sa bhliain 1994.

2007–09: Good Girl Gone Bad agus Rated R cuir in eagar

 
Diamonds World Tour, 2013

Le hatheisiúint a tríú halbam, Good Girl Gone Bad, a eisíodh ar an 17 Meitheamh 2008, eisíodh an singil Take a Bow, a bhain barr na gcairteacha amach timpeall na cruinne, chomh maith le hamhrán a eisíodh i gcomhar le Maroon 5, If I Never See Your Face Again agus an t-amhrán Disturbia a bhain barr na gcairteacha amach i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá os cionn dhá mhilliún cóip den albam seo díolta sna Stáit Aontaithe, agus bronnadh gradam platanaim an RIAA ar Rihanna faoi dhó de bharr an t-éacht sin a bhaint amach.

Ag tosú di ar an 12 Meán Fómhair 2007, chuaigh Rihanna ar chamchuairt de cheolchoirmeacha thart timpeall Cheanada agus na Stát Aontaithe, agus lean sí uirthi trasna na hEorpa. Ba é seo an chéad chamchuairt dá leithéid inar ghlac sí ról an phríomhamhránaí. Le linn na camchuairte seo, bhuaigh Rihanna an gradam don bhan-amhránaí Pop/Roc is fearr ag Gradaim Cheoil Mheiriceá 2008.

 
2017, Cannes

D’eisigh Rihanna ráiteas ar an 24 Nollaig 2008, ag rá go mbeadh sí ag filleadh ar an stiúideo taifeadta go luath sa bhliain 2009, chun obair a thosú ar a ceathrú halbam agus go raibh súil aici go n-eiseofaí an t-albam seo roimh dheireadh na bliana 2009. Bhí Rihanna ceaptha páirt a ghlacadh i nGradaim Grammy 2009, ach ar an 8 Feabhra cuireadh é seo ar ceal. Tháinig tuairiscí chun solais ina dhiaidh sin, gur mar gheall ar eachtra a tharla idir í féin agus a buachaill, an t-amhránaí Chris Brown, nár chan sí ag na Gradaim Grammy. Idir an dá linn, ghabh na póilíní Chris Brown agus é curtha ina leith go raibh bagairtí coiriúla déanta aige ar Rihanna.

2010–11: Loud agus Talk That Talk cuir in eagar

2012–14: Unapologetic cuir in eagar

2015: Home agus Anti cuir in eagar

I mí Bealtaine 2014 d'fhág Rihanna Def Jam agus shínigh sí le Roc Nation. Scaoil Rihanna a hochtú halbam stiúideo Anti ar an 27 Eanáir, 2016. D'fhógair sí an teideal ar an 7 Deireadh Fómhair, 2015.[3]

 
Concert for Valor in Washington, D.C. 2014

Gradaim cuir in eagar

Tá 158 gradam buaite ag Rihanna.

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim Stiúideo cuir in eagar

 
Fógraíocht, Maine Mall, Portland, Maine

Fuaimrian cuir in eagar

Camchuairteanna cuir in eagar

Scannáin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar